An Mhalaeis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Mhalaeis
Bahasa Melayu agus بهاس ملايو‎
Cineálteanga nádúrtha, macraitheanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais77,000,000 (2007)
Dúchasach doMalaeich
Stáitan Mhalaeisia, an Indinéis, Brúiné, Singeapór agus Tíomór Thoir
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Astrál-Téacha
teangacha Astrainéiseacha
teangacha Malae-Pholainéiseacha
Malayic (en) Aistrigh
Malayan (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaMalay alphabet (en) Aistrigh, Jawi (en) Aistrigh agus aibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheDewan Bahasa dan Pustaka (en) Aistrigh, Dewan Bahasa dan Pustaka Brunei (en) Aistrigh agus Badan Pengembangan dan Pembinaan Bahasa (en) Aistrigh
Stairhistory of the Malay language (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1ms
ISO 639-2msa
ISO 639-3msa
Glottologindo1326
Linguasphere31-MFA-a
Ethnologuemsa
ASCL6505
IETFms

Teanga Mhalae-Pholainéiseach í an Mhalaeis a labhraítear sa Mhalaeisia agus i dtíortha eile ina timpeallacht, go háirithe. Le fírinne, is deacair a rá cé acu aon teanga amháin nó grúpa teangacha atá ann, agus ón taobh eile de, tá an Indinéisis chomh cóngarach do Mhalaeis chaighdeánach na Malaeisia is gur féidir a rá nach bhfuil iontu ach canúintí aon teanga amháin. Ón taobh eile de, tá an cineál Malaeise a labhraítear i mBrúiné chomh difriúil is go bhfuil sé beagnach dothuigthe ag na Malaeisiaigh.

Bahasa Malaysia a thugtar ar an gcineál Malaeise a shaothraítear sa Mhalaeisia féin mar theanga náisiúnta. Má táthar ag trácht ar an Malaeis sa chiall fhairsing, is fearr Bahasa Melayu a thabhairt uirthi. Bahasa Indonesia a thugtar ar an Indinéisis. "Teanga" is ciall leis an bhfocal sin bahasa, agus is focal iasachta ón tSanscrait é.

Tá Malaeis chaighdeánach na Malaeisia bunaithe ar chanúint Johore agus Riau, agus is í an aibítir Laidineach is mó a úsáidtear sa scríbhneoireacht, cé go bhfuil traidisiún úsáidte na litreach Arabach beo sa tír i gcónaí. Tá an Indinéisis ag dul i bhfeidhm ar an Malaeis ar na saolta seo, toisc go bhfuil tionsclaíocht láidir phopchultúrtha (sobalscéalta teilifíse agus araile) ag an Indinéis.

Is í an difríocht is suntasaí idir an dá theanga ná tionchar na hOllainnise ar an Indinéisis. Na críocha arb iad an Mhalaeis iad, bhí siad á rialú ag na Sasanaigh i ré an choilíneachais, rud a chiallaíonn gur fhág an Béarla an-lorg ar an Malaeis san am sin féin. San am chéanna ba i Ollainnis a bhí oifigiúil san India Thoir Dhúitseach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]