An Éigiptis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teanga Afráiseach í an Éigiptis, agus is craobh ar leith inti féin í i gcrann ginealais na dteangacha Afráiseacha. Tá sí ar ceann de na teangacha is sine dá bhfuil eolas againn orthu, nó téann iarsmaí scríofa na teanga siar go dtí an bhliain 3400 RC. Bhí leagan "Críostaí" den teanga, an Choptais, á labhairt go dtí an 17ú haois, go dtí gur tháinig an Araibis Éigipteach ina háit mar theanga labhartha. Ina dhiaidh sin féin, d'fhan an Choptais in úsáid liotúirgeach in Eaglais Choptach na hÉigipte. Deirtear go bhfuil an Choptais ó dhúchas ag dornán beag daoine inniu.

Stair[athraigh | edit source]

Iairiglifí (~530 RC)

Aithnítear na tréimhsí seo i stair na hÉigiptise:

  • An Éigiptis Mhoch, roimh an mbliain 2600 RC. Ba í seo an teanga a bhí á saothrú i dTréimhse na Rítheaghlach Moch i stair na hÉigipte.
  • An tSean-Éigiptis, sna blianta 2600-2000 RC. Bhí an cineál seo Éigiptise á shaothrú i Sean-Ríocht na hÉigipte.
  • An Mheán-Éigiptis, sna blianta 2000-1300 RC. Bhí an cineál seo Éigiptise á chleachtadh mar theanga scríofa nó liteartha fiú ina dhiaidh sin, go dtí gur tháinig an Choptais in úsáid.
  • An Éigiptis Dhéanach, sna blianta 1300-700 RC, ó Thréimhse Amarna go dtí an Tríú hIdirthréimhse.
  • An Éigiptis Choiteann, nó an Éigiptis Dheamóiteach, ón tseachtú haois RC anuas, ó thús deiridh na tréimhse Rómhánaí.

Glactar leis go dtéann scríbhneoireacht na hÉigiptise siar go dtí an bhliain 3200 RC, nó fiú 3400 RC. Lipéid nó séalaí ba mhó a bhí i gceist sa luath-thréimhse seo.