An Choptais
| Coptais (Ⲙⲉⲧⲣⲉⲙ̀ⲛⲭⲏⲙⲓ / Met.Remenkīmi) |
|
|---|---|
| Á labhairt: | An Éigipt |
| Réigiún: | An Meánoirthear |
| Cainteoirí san Iomlán: | Chuaigh an Choptais in éag mar theanga dhúchais le fada. Mar theanga shearmanais is mó a úsáidtear inniu í. |
| Rang: | ~ |
| Líne ghinealaigh: | Afráiseach Éigipteach |
| Stádas Oifigiúil | |
| Teanga Oifigiúil: | Níl stádas oifigiúil ag an gCoptais in aon tír |
| Foras Pleanála Teanga: | Níl údarás teanga ann |
| Cóid teangeolaíocha | |
| ISO 639-1 | - |
| ISO 639-2 | cop |
| ISO 639-3 | cop |
| Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha | |
Is í an Choptais an chéim dheireanach i bhforbairt stairiúil na hÉigiptise. Go bunúsach, tháinig an Choptais ar an bhfód mar theanga nuair a thosaigh na hÉigiptigh ag scríobh a dteanga dhúchais leis na litreacha Gréagacha. Ó nach raibh an aibítir Ghréagach oiriúnach don Éigiptis mar a bhí sí, cuireadh roinnt litreach as aibítir Dheamótach na hÉigiptise leis an gcóras Gréagach. Mar sin a cruthaíodh an aibítir Choptach.
Mhair an Choptais á labhairt agus á scríobh ag Críostaithe na hÉigipte go dtí an seachtú haois déag, nuair a chuaigh sí in éag mar theanga labhartha. Ón naoú haois déag, áfach, tá sí á saothrú mar theanga léannta ag na Coptaigh, go háirithe san Eaglais Choptach.
Na téacsaí Coptaise atá fágtha againn, is féidir difríochtaí áirithe a aithint eatarthu a thugann le fios go raibh canúintí éagsúla ó dhúchas ag na scríbhneoirí. Is iad an chanúint Shaithídeach agus an ceann Bohaerach an dá cheann is tábhachtaí. Is í an chanúint Shaithídeach an ceann is mó litríochta, ach más amhlaidh féin, is í an chanúint Bhohaerach atáthar ag iarraidh a athbheochan mar theanga labhartha.
Tá an Choptais breac le focail iasachta ón nGréigis, ó bhí siad riachtanach leis an gcreideamh Críostaí a phlé. Ón taobh eile de, áfach, nuair a bhí sí ina neart, d'fhág an Choptais a lán focail iasachta sna teangacha eile a bhí á labhairt timpeall na hÉigipte, go háirithe sa tSean-Núibis agus san Araibis Éigipteach. Is féidir, áfach, focail Choptaise a fháil san Eabhrais agus san Araibis Chlasaiceach féin.
Léigh freisin [athraigh]
- Wolfgang Kosack Der koptische Heiligenkalender Berlin 2012, ISBN 978-3-9524018-4-2.
- Wolfgang Kosack Lehrbuch des Koptischen.Teil I:Koptische Grammatik.Teil II:Koptische Lesestücke Graz 1974.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.