Barnes Neville Wallis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Innealtóir aerloingseoireachta a saolaíodh i Ripley Shasana ab ea Barnes Neville Wallis (1887-1979). Dearthóir eitleán buamála Wellington, agus na mbuamaí preabacha a scrios na dambaí ar an Mohne is an Dam sa Ghearmáin. Sna 1950idí dhear sé an chéad aerárthach le sciatháin luasctha.