Saotharlann Náisiúnta Fisice

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Príomhgheata an NPL i Sráid Hampton

Bhunaigh rialtas na Breataine an Saotharlann Náisiúnta Fisice sa bhliain 1900 i dTeddington, gar do Londain, chun taighde is forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin thionsclaíocha is eolaíocha. Tacaíonn sí le haonaid bhunúsacha tomhais cosúil leis an aimpéar is an méadar. Shaothraigh sí an chéad chlog adamhach cruinn caeisiam in 1955.