Antoine Raiftearaí
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
File as Contae Mhaigh Eo ab ea é Antoine Raiftearaí (Raftery, Ó Reachtaire, Ó Reachtúra, Ó Reachtubhra) (30 Márta 1779(?) - 25 Mí na Nollag, 1835). Bhí sé dall ó bhí sé ina bhuachaill beag, agus shaothraíodh sé a chuid ag seinm ar an bhfidil i dtithe móra i gContae na Gaillimhe.
Clár ábhair |
[athraigh] Foirm Cheart a Shloinne
Is iomaí litriú a chuirtear i bhfeidhm ar ainmneacha na seanfhilí Gaeilge go léir, ach is dócha gurb é Raiftearaí an duine is mó acu a bhfuil an fhadhb seo ag baint leis. Feictear idir Raftery, Raiftearaí, Raifteirí, agus fiú, Ó Raifteirí in úsáid. Is cinnte nach bhfuil an leagan deireanach acu ceart, ós rud é nach bhfuil ann ach an leagan Béarla den ainm a bhfuil "Ó" na Gaeilge curtha leis. Feictear "Ó Reachtaire", "Ó Reachtúra", agus "Ó Reachtubhra(igh)" freisin, agus iad i bhfad níos fearr mar Ghaeilge.
Is é an breithiúnas a thugann Ciarán Ó Coigligh ar an scéal ina leabhar faoi Raiftearaí ná gurb é an leagan Béarla den tsloinne Ó Reachtaire nó Ó Reachtubhra a bhíodh ag an bhfear féin agus ag lucht a chomhaimsire. Mar sin, roghnaigh seisean an leagan Raiftearaí, ó bhí sé den bharúil gurb é an leagan ba chóngaraí d'úsáid an phobail.
[athraigh] A Shaol
Dealraíonn sé gur tháinig Antoine Raiftearaí ar an saol i gCill Liadáin in aice le Coillte Mách, Co. Mhaigh Eo. Níltear ar aon bharúil faoi lá ceart a bhreithe, ná fiú an bhliain. Dúirt Dubhghlas de hÍde gur saolaíodh é "timpeall na bliana 1784", ach is é an t-eolas a bhí ag Séamas Ó hArgadáin ná gurb ar an 30ú lá de Mhí na Márta sa bhliain 1779 a rugadh Raiftearaí, agus is é tuairim Chiaráin Uí Choigligh gurb é seo an t-eolas is údarásúla.
B'as Contae Shligigh d'athair Raiftearaí, agus shocraigh sé síos i gCill Liadáin lena cheird a chleachtadh ansin, nó bhí sé ina fhíodóir. Phós sé bean áitiúil dar shloinne Ní Bhraonáin. Nuair a bhí Raiftearaí fós ina ghasúr beag, shiúil an bholgach an áit, agus fuair cuid mhór de na páistí bás. B'é an file an t-aon duine clainne amháin de chuid mhuintir Raiftearaí a fágadh beo, nó d'éag an t-ochtar eile acu ar fad, agus chaill Antoine radharc a shúl. Bhí sé cúig bliana nó naoi mbliana d'aois nuair a tharla seo.
Bhí muintir Taaffe, a raibh athair Antoine ag obair ina fhíodóir dóibh, sásta a bhflaithiúlacht a thál ar an mbuachaill dall, agus chaith seisean blianta a chéad óige ag seinm agus ag scéalaíocht do na daoine uaisle seo. Níl sé soiléir cén fáth ar imigh Raiftearaí as teach mór mhuintir Taaffe. De réir leagan amháin, mharaigh sé de thaisme an capall ab fhearr a bhí ag fear an tí, agus chaithfeadh sé imeacht leis i mbéal na séibe. Is féidir freisin go raibh muintir Taaffe féin éirithe róbhocht le slí bheatha a chinntiú don éigeas. Tá an ráfla ann, leis, gurbh í an pholaitíocht ba chúis leis, ó bhí luí ag Raiftearaí leis an bPoblachtánachas agus leis an rúnchumannaíocht.
Mar sin, chaith Raiftearaí an chuid ba mhó dá shaol ag fánaíocht i gContae na Gaillimhe, ag seinm ar an bhfidil agus ag amhránaíocht. Bhí bean aige, Siobhán, ar chlannaigh sé iníon agus mac uirthi, ach níor phós siad riamh. Chuaigh an mac le fidléireacht sa sorcas.
[athraigh] A Shaothar
Is iad Eanach Dhúin, Cill Liadáin, agus Mise Raiftearaí an trí dhán is mó a shamhlaítear leis an bhfile inniu, ach íorónta go leor, dealraíonn sé nárbh é Raiftearaí féin a chum an tríú ceann acu ar aon nós. Is dócha go bhfuil an dán seo bunaithe ar fhíor-bhéaloideas nó ar línte fánacha de chuid Raiftearaí féin, ach b'é Seán Ó Ceallaigh, nó "Baile Chraoch", an chéad duine a d'fhoilsigh Mise Raiftearaí, a cheap an dán mar is eol dúinn inniu é.
Tá timpeall leathchéad dán ar fáil sna lámhscríbhinní a luaitear le Raiftearaí agus atá insamhlaithe leis.
- Mise Raifteirí, an file
- Mise Raifteirí, an file,
- lán dóchais is grá
- le súile gan solas,
- ciúineas gan crá
- Dul siar ar mo aistear,
- le solus mo Chroidhe,
- Fann agus tuirseadh,
- go deireadh mo shlighe
- Feach anois mé 's
- mo aghaidh ar bhalla,
- Ag seinm ceoil
- le pocaibh falamh.
- Cill Aodáin
- Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul chun síneadh,
- Is tar eis na féil Bríde ardóidh mé mo sheol.
- Ó chuir mé i mo cheann é ní stopfaidh me choíche
- Go seasfaidh mé thíos i lár Chondae Mhaigh Eo.
- I gClár Clainne Mhuiris a bhéas mé an chéad oíche,
- Is i mBalla taobh thíos de 'thosós mé ag ól,
- Go Coillte Mach rachad go ndéanfad cuairt mhíosa ann,
- I bhfogas dhá mhíle do Bhéal an Áth' Mhóir.
- Fágaim le huacht é go n-éiríonn mo chroíse
- Mar éiríos an ghaoth nó mar 'scaipeas an ceo
- Nuair a smaoiním ar Cheara nó ar Ghaileang taobh thíos de
- Ar Sceathach a'Mhíle nó ar phlánaí Mhaigh Eo.
- Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann,
- Tá sméara is sú craobh ann is meas ar gach sórt,
- Is dá mbéinnse i mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine
- D'imeodh an aois díom is bheinn arís óg.
- Eanach Chuain
- Má fhaighimse sláinte is fada bheidh trácht
- Ar an méid a bádh as Eanach Dhúin
- 'S mo thrua 'márach gach athair 's máthair
- Bean is páiste 'tá á sileadh súl
- A Rí na nGrást a cheap neamh is párthas
- Nar bheag an tábhacht dúinn beirt no triúr
- Ach lá chomh breá leis gan gaoth ná báisteach
- Lán a bháid acu scuab ar shiúl
- Nár mhór an t-íonadh ós comhair na ndaoine
- Á bhfeicáil sínte ar chúl a gcinn,
- Screadadh 'gus caoineadh a scanródh daoine,
- Gruaig á cíoradh 's an chreach á roinnt.
- Bhí buachaillí óg ann tíocht an fhómhair
- Á síneadh chrochar, is a dtabhairt go cill
- 'S gurb é gléas a bpósta a bhí dá dtoramh
- 'S a Rí na Glóire nár mhór an feall.
[athraigh] Foinsí
- Ó COIGLIGH, Ciarán: Raiftearaí - Amhráin agus Dánta. Leabhair Thaighde, an 53ú hImleabhar. An Clóchomhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1987/2000
- Ó TUAMA, Seán agus Thomas Kinsella: An Duanaire 1600-1900 - Poems of the Dispossessed. Dolmen Press i gcomha le Bod na Gaeilge 1981/1994
[athraigh] Féach freisin
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.

