An tSuvaisis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn tSuvaisis
Чăваш чĕлхи
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais1,279,650 (2021)
Á labhairtAn tSuvais, Moscó, An Tatarstáin, Baiscíria, Cúige Shamara, Cúige Ulyanovsk, Cúige Sharatov, Críoch Krasnoyarsk agus Cúige Orenburg
Dúchasach doAn tSuvais
Stáitan Rúis, an Úcráin, an Chasacstáin agus an Úisbéiceastáin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Nostraitic
teangacha Altaecha
teangacha Tuircice
Oghuric (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaChuvash alphabet (en) Aistrigh agus Aibítir Choireallach
Institiúid caighdeánaitheChuvash State Institute of Human Sciences (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta3 cinnte i mbaol
Cóid
ISO 639-1cv
ISO 639-2chv
ISO 639-3chv
Glottologchuv1255
Ethnologuechv
UNESCO338
IETFcv

Teanga Tuircice is ea an tSuvaisis a labhraítear taobh thiar de na Sléibhte Úralacha i lár na Rúise. Tá sí ina teanga oifigiúil i bpoblacht fhéinrialaitheach na Suvaise, arb í Cheboksary a príomhchathair, agus í suite idir Kazan agus Nizhniy Novgorod. Tugann lucht a labhartha ЧӑвашлаČăvašla ar a dteanga féin. Níl na tuairiscí ag teacht le chéile faoi líon na gcainteoirí, ach is féidir glacadh leis go bhfuil an tSuvaisis ag níos mó ná aon mhilliún duine. Tá stór focal na Suvaisise breac le hiasachtaí ón Rúisis, ó na teangacha Finne-Úgracha agus ó na teangacha Iaránacha, agus is í an aibítir Choireallach a úsáidtear le hí a bhreacadh síos. Tá an tSuvaisis an-difriúil leis na teangacha Tuircice eile, agus í dothuigthe ag a gcainteoirí. An chuid eile de na teangacha Tuircice, bíonn siad sách intuigthe ag cainteoirí a chéile, agus mar sin, is féidir a rá nach teanga Tuircice í an tSuvaisis sa ghnáthchiall, ach gur chóir grúpa níos sine a phostaláidiú a mbeadh an tSuvaisis agus an tSean-Tuircic ina mbaill de. Is é sin, d'fhorbair na teangacha Tuircice eile as an tSean-Tuircic, ach cé go bhfuil an tSuvaisis gaolmhar leis an tsean-Tuircic, ní aisti a d'fhorbair sí. D'fhéadfá a rá, más deirféaracha dá chéile iad na teangacha Tuircice eile, gurb í an tSuvaisis an aintín.

Críostaithe is ea na Suvaisigh de ghnáth, má tá aon chreideamh ar leith acu. Mar sin, ní raibh gá acu leis na téarmaí Moslamacha a bhíonn le fáil sna teangacha Tuircice eile. Agus an méid sin ráite, tá cuid mhaith focal Araibise agus Peirsise i ngnáthúsáid sa tSuvaisis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]