Críoch Krasnoyarsk
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Críoch Krasnoyarsk (Gaeilge) Красноярский край (Rúisis) |
|
|---|---|
| Tíreolaíocht | |
| Stádas: | Críoch |
| Réigiún Eacnamaíochta: | Réigiún Eacnamaíochta na Sibéire Thoir |
| Réigiún Conaidhme: | Ceantar Conaidhme na Sibéire |
| Achar: | 2,339,700 km² |
| Príomhchathair: | Krasnoyarsk |
| Déimeagrafaic | |
| Daonra: - Iomlán (meas2002) - Dlús daonra |
3,023,525 1.3/km² |
| Teangacha oifigiúla: | Rúisis |
| Polaitíocht | |
| Críoch Krasnoyarsk | |
| Ceannaire an Rialtais: | Alexander Khloponin |
| Cathaoirleach an Rialtais: | Alexander Novak |
| Suíomh sa Rúis | |
![]() |
|
Is críoch nó krai sa Rúis í Críoch Krasnoyarsk. Is í Krasnoyarsk príomhchathair an réigiúin. Bunaíodh an chríoch seo sa bhliain 1934. Tá sí suite i lár na Sibéire, agus í ag sroicheadh ó shliabhraon Sayan (theas) go leithinis Taymyr (thuaidh). Ritheann an abhainn úd Yenisei agus a cuid craobh-aibhneacha (an Kan, an Angara, an Podkamennaya Tunguska agus Nizhnyaya Tunguska) tríd an gcríoch. Tá aeráid na críche ilchríochach, is é sin, bíonn sé fuar feannta sa gheimhreadh, ach éiríonn sé te bruite sa samhradh.
Is í Krasnoyarsk an chathair is mó sa chríoch. Cathracha tábhachtacha eile iad Norilsk, Achinsk, Lesosibirsk, Minusinsk, Nazarovo, Zelenogorsk, agus Zheleznogorsk.
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Críoch Krasnoyarsk |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
