Teangacha Altaecha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fine teangacha is ea iad na teangacha Altaecha a bhfuiltear go mór mór in amhras faoi ar na saolta seo. Is iad na teangacha seo is gnách a chur san áireamh:

  • na teangacha Mongólacha, ar nós na Mongóilise féin, chomh maith leis na teangacha agus na canúintí gaolmhara a labhraítear sa Mhongóil féin, sa tSín agus sa Rúis
  • an tSeapáinis (agus na canúintí in Oileáin Ryukyu, más canúintí iad ar aon nós: tá siad gaolmhar leis an tSeapáinis, ach ní bhíonn siad intuigthe acu siúd nach bhfuil ach Seapáinis chaighdeánta acu)

Uaireanta, glactar leis go bhfuil an teanga Ainu, a bhí á labhairt i dtuaisceart na Seapáine go dtí le déanaí, ina ball den fhine teangacha seo chomh maith.

Faoi láthair, níl san fhine teangacha seo ach tuairimíocht - is fearr leis na teangeolaithe a bheith ag trácht ar an hipitéis Altaech ná ar an bhfine Altaech. Níl siad ar aon bharúil, ach oiread, faoi na teangacha ba chóir a chur san áireamh, ach an oiread. Is ar éigean a bheadh aon duine sásta "teangacha Altaecha" a thabhairt ar na teangacha thuasluaite go léir. Is iad na teangacha Mongólacha, na teangacha Tuircice agus na teangacha Tungúsacha is minicí a áirítear mar theangacha Altaecha, ach níl na teangeolaithe go léir admhálach go bhfuil an trí ghrúpa seo gaolmhar le chéile, ach an oiread.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí