Teangacha Iaránacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaTeangacha Iaránacha
Cineálfine teangacha
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ind-Iaránacha
Cóid
ISO 639-2ira
ISO 639-5ira
ASCL41
Linguist Listiran
IETFira
Deighilt ghéiniteach na dteangacha Iaránacha

Brainse d'fhine na dteangacha Ind-Eorpacha is ea na teangacha Iaránacha, agus iad á labhairt sa Mheán-Oirthear agus i Lár na hÁise. Le bheith beacht, is foghrúpa iad den bhrainse Ind-Iaránach iad, in éineacht leis na teangacha Ind-Áireacha.

Tá na teangacha seo ainmnithe as an Iaráin, nó is í an Pheirsis an teanga is líonmhaire cainteoirí acu, agus í ina teanga oifigiúil san Iaráin. Thairis sin, tá teangacha de chuid an ghrúpa seo á labhairt san Iaráin leis na cianta cairbreacha anuas. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil baint ag na teangacha Iaránacha go léir leis an Iaráin, nó gur teangacha Iaránacha iad na teangacha uilig a labhraítear san Iaráin. Le fírinne, is teanga Thuirceach í an Asarbaiseáinis, atá á labhairt go forleathan i dTuaisceart na hIaráine.

In éineacht leis na teangacha Ind-Áireacha, fáisceadh na teangacha Iaránacha as an bprótaitheanga ar a dtugtar Próta-Ind-IaráinisRéamh-Ind-Iaráinis. Tugann fianaise na seandálaithe le fios go raibh a leithéid ann agus comhchultúr na bPróta-Ind-Iaránach timpeall dhá mhíle bliain roimh bhreith Chríost. Thit an tseanteanga seo as a chéile ina dhiaidh sin, agus rinneadh ceithre fhoghrúpa de:

Is í an Aivéistis an teanga Ind-Iaránach is sine a d'fhág fianaise scríofa ina diaidh. Is í teanga ársa, naofa an tSorastrachais í.

Is féidir na seanteangacha Iaránacha a dheighilt ina dhá bhfoghrúpa, mar atá, an grúpa Iartharach agus an grúpa Oirthearach. Roinntear teangacha Iaránacha an Iarthair ina dhá bhfobhrainse fós, mar atá, na teangacha Iaránacha Iar-Thuaisceartacha agus na cinn Iar-Dheisceartacha. Sa ghrúpa Oirthearacha atá an tSogdais, an teanga Khwarezmi, an teanga Saka, agus an Aivéistis (an tSean-Bhaictris). Sa chraobh iarthuaisceartach atá an Mhéidis, agus is ball den ghrúpa iardheisceartach í an Pheirsis. Tá go leor inscríbhinní fágtha againn sa tSean-Pheirsis, agus iad scríofa i litreacha dingchruthacha.

Na Teangacha Meán-Iaránacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

I stair na dteangacha Iaránacha, is gnách a rá go raibh na teangacha Meán-Iaránacha á labhairt sa tréimhse ón gceathrú haois roimh bhreith Chríost go dtí an naoú haois i ndiaidh bhreith Chríost. Na teangacha Iaránacha a d'fhág iarsmaí scríofa ina ndiaidh sa tréimhse seo, is féidir iad a roinnt ina dteangacha Oirthearacha agus Iartharacha. I measc na dteangacha Oirthearacha, is féidir an Bhaictris, an tSogdais, an teanga Khwarezmi, an teanga Saka agus an tSean-Óiséitis (an Scitea-Sharmáitis) a lua, sa ghrúpa Iartharach is fiú an Phartais (Pathlaivis na nArsaicídeach) agus an Mheán-Pheirsis a aithint. Bhí an Phartais agus an Mheán-Pheirsis sách cosúil le chéile, agus scoilt shoiléir idir iad agus an grúpa eile, a bhí ní ba chóngaraí don tSean-Iaráinis. Bhí teangacha Oir-Iaránacha na linne á scríobh in aibítir na hAramaise, nó bhí an Aramais, cé nach teanga Iaránach í, ar an teanga ab fhairsinge in Impireacht Acaeiméineach na Peirse.

Ba í an Mheán-Pheirsis - an Phathlaivis - an teanga oifigiúil i bPeirs na Sasánach. Bhí sí á saothrú ón tríú haois go dtí an deichiú haois ag an stát, agus thairis sin, ba í teanga na scríbhinní diaga í ag lucht leanúna na Mainicéasaíochta, a d'fhág roinnt éigin de théacsaí ina ndiaidh.

Na Teangacha Iaránacha i ndiaidh Theacht an Ioslaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig an tIoslam go dtí an Iaráin, d'athraigh an bhaint a bhí ag na teangacha agus na canúintí éagsúla Iaránacha le chéile. Tháinig teanga chaighdeánach nua - an teanga Dari, nó "teanga na cúirte" - in ionad na Pathlaivise mar theanga ardstádais. B'í an chanúint seo teanga na bhfilí cúirte, agus creidtear go raibh níos mó tionchair ag na canúintí oirthearacha uirthi, i gcomparáid leis an bPathlaivis, a bhí bunaithe ar na canúintí iartharacha. B'í an Dari ba bhunús le Peirsis chaighdeánach an lae inniu. Ar ndóigh, nuair a tháinig an tIoslam, cuireadh na litreacha Arabacha in úsáid sna scríbhinní Peirsise. Cruthaíodh cúpla litir nua le freastal ar na fuaimeanna Peirsise nach raibh le fáil san Araibis, go háirithe an g (گ) agus an p (پ). Ní aithníonn an Araibis an p thar an b (ﺏ), agus glacann sí leis an bhfuaim [g] mar leagan Éigipteach de j an Bhéarla (Araibis: ﺝ).

Aicmiú na dTeangacha Iaránacha Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Foghrúpa Oirthearach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na teangacha Iaránacha Oirthuaisceartacha a labhraítear inniu ná an Óiséitis agus an teanga Yaghnobi. Is í an teanga Yaghnobi an teanga chomhaimseartha is cóngaraí don tSogdais, a bhí á labhairt sa tréimhse Mheán-Iaránach san áit a bhfuil an Úisbéiceastáin agus an Táidsíceastáin inniu. Labhraítear an teanga Yaghnobi i gcúige Zarafshan sa Táidsíceastáin, ach ansin féin, níl sí ach ag cúpla míle sléibhteánach ó dhúchas, agus iad uilig in ann Táidsícis a labhairt chomh maith. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an teanga seo ag géilleadh an fhóid don Táidsícis, agus í le dul in éag i ndiaidh cúpla glúin. Maidir leis an Óiséitis, tá sí á saothrú san Óiséit Thuaidh - "An Óiséit Thuaidh agus an Aláin", mar a thugtar ar an gcúige go hoifigiúil - sa Rúis agus san Óiséit Theas sa tSeoirsia, agus í ó dhúchas ag seacht gcéad míle duine ar fad, an chuid is mó acu ina gcónaí sa Rúis.

San fhoghrúpa Iaránach Oirdheisceartach, is í an Phaistis an teanga is tábhachtaí. Thairis sin, labhraítear teangacha Iaránacha neamhfhorleathana de chuid an ghrúpa seo i Sléibhte Pamir. Tá teangacha Pamir an-difriúil leis na teangacha Iaránacha eile agus, fiú, le chéile. An chuid is mó de na cainteoirí, áfach, bíonn Táidsícis acu chomh maith. Is iad an tSiúgnais agus an teanga Sarikoli na cinn is líonmhaire cainteoirí sa ghrúpa, ach tá an tSiúgnais féin chomh gann leis an nGaeilge ó thaobh na gcainteoirí dúchais de. Tá an chuid is mó de na teangacha seo lonnaithe sa Táidsíceastáin, sa Phacastáin nó san Afganastáin, ach tá an teanga Sarikoli á labhairt taobh thoir de theorainn na Síne. Is é an t-ainm a thugann na húdaráis Shíneacha ar an teanga seo ná Táidsícis, ach ar ndóigh, tá sí an-difriúil leis an Táidsícis. Sa Phacastáin, tá a leithéid de theanga ann agus an Vaisíris. Labhraítear sa Vaisíreastáin í, ceann de chúigí na Pacastáine, ach is dócha nach bhfuil ann ach canúint de chuid na Paistise.

An Foghrúpa Iartharach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is léir gurb í an Pheirsis an teanga is tábhachtaí sa ghrúpa seo. Ceann de na teangacha Iaránacha Iar-Dheisceartacha is ea í. Tá go leor canúintí á labhairt san Iaráin féin agus sna tíortha in aice léi, agus difríochtaí suntasacha eatarthu. Coinníonn an teanga scríofa cuid mhór de na difríochtaí faoi cheilt, áfach, ós rud é nach gnách ach na gutaí fada a scríobh amach san aibítir Arabach. Mar sin, is féidir le cainteoirí na gcánúintí éagsúla a léamh féin a bhaint as na scríbhinní, beag beann ar chanúint an scríbhneora.

Tugtar Farsi ar an bPeirsis san Iaráin féin, ach is fearr leis na hAfganastánaigh an seanainm úd Dari i gcónaí. Tá a gcanúint féin ag na Hazaraigh san Afganastáin agus sa Phacastáin (i dtimpeallacht Quetta) - sliocht sleachta do na hionsaitheoirí Mongólacha iad siúd a ghlac leis an bPeirsis fadó mar theanga dhúchais, ach fanann cuid mhaith focail iasachta ón Mongóilis ina gcanúint i gcónaí. Mar sin féin, tá siad ábalta úsáid a bhaint as an bPeirsis chaighdeánach le haghaidh scríbhneoireachta.

Cás ar leith is ea an Táidsícis. Go bunúsach, níl ann ach an leagan áitiúil den Pheirsis, agus í á scríobh i litreacha Coireallacha. Tá cuid mhaith focail iasachta ón Rúisis inti chomh maith.

Tá an Pheirsis an-tábhachtach mar theanga chultúrtha agus liteartha san Áise, agus í á foghlaim is á saothrú ina lán tíortha nach bhfuil sí ina gnáth-theanga labhartha iontu. Tá clú domhanda ar litríocht chlasaiceach na Peirsise. Bhí an Pheirsis ina teanga oifigiúil san India féin go dtí gur chuir na Sasanaigh an Béarla ina háit sa bhliain 1843, agus ina dhiaidh sin féin, maireann traidisiún éigin Peirsise sa réigiún. Tá an Hiondúis, an Urdúis agus na teangacha tábhachtacha eile san India agus sa Phacastáin breac le focail iasachta ón bPeirsis.

Canúintí beaga iad na teangacha Iaránacha Iar-Dheisceartacha. Mar dheismireán, is féidir an teanga Tat a lua, agus í á labhairt in áiteanna i ndeisceart na Rúise agus san Asarbaiseáin. Is í an chanúint is suimiúla de chuid na teanga seo ná an chanúint Ghiúdach, agus í á labhairt ag "Giúdaigh na Sléibhte" san Asarbaiseáin.

Maidir leis na teangacha Iaránacha Iar-Thuaisceartacha, is iad an Choirdis agus an teanga Baluchi na cinn is tábhachtaí acu. Baineann an teanga Talysh, a labhraítear in oirdheisceart na hAsarbaiseáine, leis an ngrúpa seo chomh maith. Tá an dúrud teangacha agus canúintí de chuid an ghrúpa seo á labhairt san Iaráin, áfach.

naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]