An Aivéistis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aivéistis)
Aivéistis
()
Á labhairt: Teanga liotúirgeach an tSorastrachais
Réigiún: An Áise
Cainteoirí san Iomlán: Díobhaí
Rang: ~
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais
 Ind-Iaráinis
  Iaráinis
   Iaráinis Thoir
    Aivéistis
Stádas Oifigiúil
Foras Pleanála Teanga:
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 ae
ISO 639-2 ave
ISO 639-3 ave
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Seanteanga Oir-Iaránach is ea í an Aivéistis a bhí á scríobh san Iaráin ocht gcéad bliain roimh bhreith Chríost. Is í an Aivéistis teanga an leabhair Aivéasta, arb é scrioptúr naofa an tSorastrachais é. Is iad na Gataí an chuid is sine den Aivéasta, agus iad scríofa i dteanga ar a dtugtar Sean-Aivéistis. Creidtear gurb é Sorastar, bunaitheoir an reiligiúin, féin a chum na Gataí, agus tá an teanga iontu chomh seanársa go bhfuil sí níos cosúla leis an tSanscrait ná leis na teangacha Iaránacha eile. Tá an chuid eile den Aivéasta cumtha i leagan níos deireanaí den teanga chéanna, ar a dtugtar Aivéistis Óg. Is dócha go bhfuil an Aivéistis Óg an-chóngarach don chineál teanga a labhraítí in Oirthear na hIaráine faoin am ar cumadh an leabhar féin. Níos deireanaí fós, bhítí ag cumadh téacsaí i leagan truaillithe den Aivéistis Óg nach raibh á labhairt go nádúrtha ag aon duine a thuilleadh. Is gnách "Aivéistis Óg Shaorga" a thabhairt ar an gcineál seo Aivéistise. Ba í teanga liotúirgeach na sagart Sorastrach í.