An Bol Bóthair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Bol Iarainn

Is saghas spóirt é an Bol Bóthair a imrítear in Éirinn go príomha.

An Stair[athraigh | edit source]

Peil Ghaelach, iomáint, camógaíocht agus liathróid láimhe is cluichi ársa iad, ach is cluiche ársa é an cluiche bollaí chomh maith, a théann siar chomh fada le ré na bhFaró san Éigipt, ach ní heol d'éinne go beacht cathain a thosaigh daoine ag caitheamh bollaí bóthair in Éirinn. De réir an tseanchais, bhíodh an bol bóthair á imirt in Eamhain Mhacha gar d'Ard Mhacha annalód agus tá sé ráite sa tseanchas freisin, gurbh iad na Dúitsigh a thug an spórt chun na tíre seo i 1690. Téann an cluiche mar a imrítear inniu é, chomh fada siar leis an ochtú haois déag, cé nach raibh an-chuid de rialacha an lae inniu i bhfeidhm ansin. Imríodh an cluiche le bollaí garbha, cloiche nó le bollaí garbha iarainn, le linn na ré sin. Deineadh cuid de rialacha an lae inniu ag deireadh an 19ú céad agus bunaíodh Bol Chumann na hÉireann sa bhliain 1954, chun eagar agus stiúir a thabhairt don spórt.Tionóladh an chéad chruinniú den Bhol Chumann in Inis Céin, sráidbhaile gar do Dhúnmaonmhuí, ar an 20ú la de Mhí na Samhna sa bhliain sin agus ba mhúinteoir bunscoile, Flaithrí Ó Crualaoich (nó "Flor Lar" mar a tugadh air), ó Dhúnmaonmhuí, a bhí ina chéad chathaoirleach ar an mBol Chumann. Toghadh Éamonn Ó Cearúil, múinteoir bunscoile ón gCillcré, mar rúnaí agus Aodh Ó Néill mar chisteoir ag an gcruinniú sin.

An Cluiche[athraigh | edit source]

  • Imrítear an cluiche anois le bol iarainn a mhéann 790 gram agus a bhfuil imlíne de chuid 18 ceintiméidear air.
  • Níl páirc imeartha ná úirlisí daora ná cultacha ag teastáil don spórt seo.
  • Níl ag teastáil ón imreoir ach bróga reatha láidre agus culaith reatha.
  • Imrítear é ar bhóithre faoin tuath agus de ghnáth bíonn fad 4 cileaméadar ar an gcúrsa (an t-ainm a thugtar ar fhad an bhóthair).
  • Bíonn beirt imreoir i gcoinne a chéile.
  • Déanann gach imreoir iarracht an bol iarainn a chaitheamh ar luas lasrach chomh fada agus is féidir leis/léi, rud a thógann luas na gcosa agus neart coirp is láimh.
  • Leagtar píosa féir ar a dtugtar "an sop" as Béarla ar an mbóthar, chun an treo ceart a thaispeáint don imreoir.
  • Bíonn cúntóir amháin ag gach imreoir ar a dtugtar "an road shower" as Béarla agus bíonn sé de dhualgas air/uirthi an sop a leagan ar an mbóthar.
  • Cuirtear marc cailce ar an mbóthar san áit ina stopann an bol iarainn.
  • Cosúil leis an gcluiche gailf tosaíonn an dara hiarracht díreach san áit ina stadann an chéad iarracht agus leanann an comórtas ar aghaidh mar sin go dtí go mbíonn deireadh an chúrsa bainte amach ag na himreoirí.
  • Tá dlúthbhaint ag an gcearrbhachas leis an spórt seo agus leagtar airgead síos go minic ar thoradh an scóir.
  • Bíonn an bua ag an duine a shroicheann bun an chúrsa leis an líon is lú iarrachtaí.

Dea-Iompar i Rith an Chluiche.[athraigh | edit source]

  • Ná caith an bol go bhfaigheann tú cead ón réiteoir.
  • Ná cuir isteach ar an imreoir eile.
  • Ná cuir moill ar an imreoir eile agus caith do bhol féin gan mórán moille.
  • Má bhíonn aighneas ar bith ann, fág faoin réiteoir é.
  • Bí cúramach faoi na daoine eile ar an mbóthar agus tabhair aitheantas dóibh.

An Scór[athraigh | edit source]

Tugtar "An Scór" ar an gcluiche seo in Iarthar Chorcaí agus i gCorcaigh agus is ainm í atá lonnaithe i stair an spóirt, toisc nach raibh ach fiche iarracht ag gach imreoir sular leagadh síos rialacha na linne seo. Is ionann scór agus fiche agus mar sin, is iondúil go gcloistear, "Táim ag trialladh ar scór", sa taobh seo tíre gach tráthnóna Domhnaigh.

Litir ag tabhairt cuireadh do chruinniú de Bhol Chumann na hÉireann

Na h-áiteanna ina n-imrítear an cluiche[athraigh | edit source]

In Éirinn[athraigh | edit source]

Caitear bollaí bóthair go forleathan i gContae Chorcaí go mórmhór in Iarthar Chorcaí, i nGaeltacht Mhúscraí agus i gContae Ard Mhacha. Tá fáil ar chúrsaí (mar a thugtar ar fhad na mbóithre) chomh maith i gContae Thír Eoghain agus i gContae Loch Garman. Imrítear an cluiche in áiteanna i gContae Luimnigh agus i gceantair áirithe i gContae Mhaigh Eo freisin.

Thar Lear[athraigh | edit source]

Caitear bollaí bóthair chomh fada as baile le Nua Eabhrac agus Bostún sna Stáit Aontaithe agus tá fáil ar shaghas áirithe den chluiche san Ísiltír agus sa Ghearmáin chomh maith.

Comórtais[athraigh | edit source]

Cluiche Ceannais na hÉireann[athraigh | edit source]

Tionóladh cruinniú i nDroichead na Bandan, in Iarthar Chorcaí, ar an 14ú Aibreáin (Domhnach Cásca) 1963, chun cluiche ceannais na hÉireann a shocrú. Mar thoradh ar an gcruinniú sin, imríodh an chéad chluiche ceannais ar an Domhnach, an 4ú Lúnasa, 1963, i gContae Ard Mhacha idir Dónal MacParthaláin as an gcontae sin agus Diarmuid Ó Cionaoith as Contae Chorcaí. D'fhreastal níos mó ná fiche míle duine ar an gcluiche stairiúil seo agus thug MacParthaláin an chraobh leis. Roimhe sin, bhí cluiche ceannais dá gcuid féin ag na Muimhnigh agus ceann eile dá gcuid féin ag na hUltaigh, gur nascadh an dá cheann le chéile sa bhliain sin.

An Comórtas Idirnáisiúnta[athraigh | edit source]

Deineadh teagmháil le clann darbh ainm Poorthuis san ĺsiltír, a raibh an-bhaint acu leis an mbol bóthair sa tír sin. D'eascair nasc idir Bol Chumann na hEireann agus Nederlandse Klootschieters Bond (N.K.B.) Ansin deineadh teagmháil le dhá chumann sa Ghearmáin agus bunaíodh An Bol Chumann Idirnáisiúnta. Imríodh an chéad chomórtas idirnáisiúnta idir imreoirí ón Ísiltír, ón nGearmáin agus ó Éirinn i 1969 i Losser san Ísiltír agus eagraítear é ar bhonn leanúnach ó shin i leith. I measc na n-áiteanna inar imríodh an comórtas tá, Contae Chorcaí, Garding Schleswig-Holstein, Tubbergen agus Norden Ostfriesland.

An Cluiche Ceannais Domhanda[athraigh | edit source]

Cuireadh tús leis an gcomórtas seo sa bhliain 1985 agus eagraíodh deireadh seachtaine ollmhór do na himreoirí i mBlarna, baile mór in aice le Cathair Chorcaí, idir an 28ú agus an 30ú Meithimh. Ghlac foirne ón ĺsiltír, ón nGearmáin agus ón tír seo páirt sa chomórtas stairiúil agus faoi dheireadh bhi an bua ag Liam Ó Dálaigh, a rugadh agus a tógadh i Léim Uí Dhonnabháin in Iarthar Chorcaí. Nuair a imríodh an comórtas i 1987, thug Ó Dálaigh, a bhí ina bhall den gharda síochana, an chraobh leis arís.

Bol Bóthair na mBan[athraigh | edit source]

Go dtí tús na seachtóidí ní raibh baint dá laghad ag na mná, ar bhonn oifigiúil, leis an mbol bóthair, ach mar aon leis an saol i gcoitinne ag an am, bhí athruithe ag teacht. Ba iad na mná as Contae Chorcaí a bhí chun tosaigh ag na hathruithe seo agus bhídís ag cleachtadh ar na bóithre timpeall ar Chontae Chorcaí sular eagraíodh bol bóthair na mban ar bhonn oifigiúil, seasmhach. Eagraíodh comórtas neamhoifigiúil do na mná in Ard Catháin, in aice le Dúnmaonmhuí sa bhliain 1976 agus bunaíodh cumann do mhná i mBaile na Corra sa bhliain 1978. Ba í Siobhán Ní Sheanáin as Béal Átha Fhinín, nó Siobhán Uí Shúilleabháin mar a thugtar uirthi anois, a bhuaigh Craobh na Mumhan nuair a imríodh é don chéad uair sa bhliain 1981. D'éirigh léi Craobh na hÉireann a thabhairt léi chomh maith nuair a imríodh an cluiche i Meán Fómhair na bliana céanna. I measc na mban a bhfuil baint acu leis an spórt seo tá, Gretta Ní Chormacáin, Úna Ní Ghormáin, Caitríona Ní Ruairc, Siobhán Ní Chuilinn, Róisín Ní Mhachail, Gearóidín Ní Bhloscaidh agus Sandra Ní Dhíomasaigh.

Torthaí 2005[athraigh | edit source]

An Cluiche Ceannais Domhanda, 2005[athraigh | edit source]

  • Cailíní: Grád, Fé 18. An Chéad Áit: Denise NíMhurchú, BCnahÉ. An Dara hÁit: Marjolein Kemperink, NKB, An Ísiltír.
  • Buachaillí: Grád, Fé 18. An Chéad Áit: Seán Ó Ruairc, BCnahÉ. An Dara hÁit: Ole Renken, FKV, An Ghearmáin.
  • Mná : Grád, Sinsear. An Chéad Áit: Catríona Ní Fhearaíl, BCnahÉ. An Dara hÁit: Carmel Ní Riain, BCnahÉ.
  • Fír: Grád Sinsear. An Chéad Áit: Eamann Ó Carra, BCnahÉ. An Dara hÁit: Micheál Ó Tuathail, BCnahÉ.

Cluiche Ceannais na hÉireann, 2005[athraigh | edit source]

  • Grád A, Sóisear: Brian Ó Raghallaigh, (Ulaidh).
  • Grád B, Sóisear: Pól Ó Raghallaigh, (Ulaidh).
  • Buachaillí fé 18: Aodhán Ó Murchú, (Mumhain).
  • Cailíní fé 18: Kelly Ní Mhealláin, (Ulaidh).
  • Grád Idirmheánach, Fir: Donnacha Ó hÉigeartaigh, (Cairbre).
  • Grád Idirmheánach, Mná: Kelly Ní Mhealláin, (Ulaidh).
  • Grád Sinsear, Fir : Pilib Ó Donnabháin (Mumhain)
  • Grád Sinsear, Mná : Dearbhail Ní Thuathail, (Ulaidh).

Foinsí[athraigh | edit source]

Naisc Sheachtracha Eile[athraigh | edit source]