Amchrios

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is crios de dhromchla an domhain é an t-amchrios ina bhfuil an t-am céanna agus an dáta céanna ar bhonn rialacha.

Clár ábhair

Ó Am Áitiúil go hAmchrios [athraigh]

Mar gheall ar imrothlú an domhain, tá an t-am áitiúil fíor (an t-am áitiúil na gréine) i ngach áit níos luaithe ná an t-am áitiúil sa chéad áit eile soir nó tá sé níos moille ná an t-am sa chéad áit eile siar de réir airde na gréine. B'éigean an clog a shocrú de cheithre nóiméad gach céim fhaid (= timpeall is 83 km) siar nó soir. Mar shampla: Má bheadh sé a hocht a chlog i gCill Bheagáin, bheadh sé 4 nóiméad tar éis a hocht i mBaile Átha Cliath.

Dá bhrí sin bunadh na hamchriosanna. Cuimsíonn amchriosanna 15 céim fhaid go hiondúil. De bharr 15 céim fhaid, uair amháin atá an difríocht ama idir dhá amchrios comharsanachta.

Ach cuirtear amchrios i bhfeidhm ar an tír uile de ghnáth (cé is moite de na tíortha móra agus d'oileáin scoite). Agus is féidir le gach tír bheith in amchrios a rogha. Mar sin, tá limistéar Am Lár na hEorpa (UTC +1), mar shampla, níos mó ná 15 céim fhaid ionas go bhfuil an t-am céanna i gcuid mhór na hEorpa.

Tá níos mó ná amchrios amháin sna tíortha móra, m. sh., tá 11 amchrios sa Rúis (UTC +2 go dtí UTC +12) agus 5 amchrios i gCeanada (UTC -3.5 go dtí UTC -8).
Ach, ar an taobh eile, níl ach crios ama amháin i nDaon-Phoblacht na Síne: am Bhéising (UTC +8).

Amchriosanna Áirithe [athraigh]

Amchriosanna san Eoraip [athraigh]

Europe time zones map de.png

Amchriosanna an domhain [athraigh]

Standard time zones of the world.png



Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.