Émile Zola
Úrscéalaí, drámadóir agus iriseoir Francach ab ea Émile Édouard Charles Antoine Zola (2 Aibreán 1840 - 29 Meán Fómhair 1902), mar aon le bheith an scríbhneoir is cáiliúla as lucht scoil liteartha an nádúrachais, agus scríbhneoir tábhachtach i bhforbairt an nádúrachais amharclannaíochta chomh maith.
Intleachtóir mór le rá ab ea Zola sa Fhrainc agus bhí páirt mhór aige i saoradh Alfred Dreyfus, oifigeach airm a cúisíodh agus a ciontaíodh san éagóir. eachtra a taifeadadh sa cheannlíne nuachtáin cháiliúil sin, J'accuse ("Cúisím") 1898). Bhí Zola gafa in achrann leabhail dá bharr, agus theith sé go Sasana, áit ar fhan sé ar feadh bliana.
Ainmníodh Zola do Dhuais Nobel na Litríochta den chéad agus den dara huair a bronnadh í, sa bhliain 1901 agus arís sa bhliain 1902.
Óige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Zola i bPáras sa bhliain 1840. B'innealtóir Iodálach é a athair, François Zola (nó Francesco Zola mar a tugadh air ar lá a bhreith), a rugadh sa Veinéis i 1795 agus a dhear Damba Zola in Aix-en-Provence, agus ba bhean Fhrancach í a mháthair.
D'aistrigh an teaghlach go Aix-en-Provence in oirdheisceart na Fraince nuair a bhí Émile trí bliana d'aois. Fuair a athair bás ceithre bliana ina dhiaidh sin, sa bhliain 1847, agus fágadh a bhean chéile ina dhiaidh ag brath ar phinsin ghann.
Sa bhliain 1858 d'aistrigh muintir Zola go Páras, agus chuaigh cara dá chuid óna leanbaíocht, Paul Cézanne, chun fanacht ina chuideachta leis ann. Thosaigh Zola ag scríobh sa stíl rómánsúil. Bhí a mháthair ag súil go mbainfeadh sé amach gairm bheatha sa dlí dó féin ach theip air sa scrúdú Baccalauréat.
Sula bhfuair Zola a chéad deis mar scríbhneoir, d'oibrigh Zola mar chléireach i gcomhlacht loingis agus ina dhiaidh sin i rannóg dhíolacháin foilsitheora (Hachette). Scríobh sé léirmheasanna ealaíne agus liteartha i nuachtáin. Mar iriseoir polaitiúil, níor cheilt Zola an mhíghnaoi a raibh aige ar Napoléon III, a raibh ina uachtarán de réir bhunreacht Dara Impireacht na Fraince, sular bhain sé lántairbhe as an údarás sin chun coup d'état a chur i gcrích, eachtra a cuireadh é i gcoróin mar impire.
Scríbhneoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn na mblianta tosaigh dá ghairm mar scríbhneoir, scríobh Zola go leor gearrscéalta agus aistí, ceithre dhráma, agus trí úrscéal, Contes à Ninon, a foilsíodh in 1864, ina measc. In 1865 tharraing sé aird na bpóilíní air féin dá bharr an t-úrscéal brachach a scríobh sé, La Confession de Claude (1865). Briseadh as a phost in Hachette é mar gheall air sin. Foilsíodh an t-úrscéal a scríobh sé, Les Mystères de Marseille, mar shraith in 1867.
I ndiaidh foilseacháin a chéad úrscéil thábhachtaigh, Thérèse Raquin (1867), thug sé faoin tsraith úrscéalta darb ainm Les Rougon-Macquart a scríobh, cuntas faoi shaolta de lucht theaghlach sínte amháin sa Dhara Impireacht.
A shaothar liteartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad úrscéalta den tsraith 20 úrscéil a dtugtar Les Rougon-Macquart orthu breis is leath den chuid úrscéalta a scríobh sé. Murab ionann Honoré de Balzac, a athchruthaigh a shaothair liteartha i gcruth La Comédie Humaine agus é i lár é a scríobh, bhí struchtúr an tsraith seo tharraingthe ag Zola ina aigne nuair a bhí sé 28 mbliana d'aois. Suite i nDara Impireacht na Fraince, scrúdaítear tionchar "timpeallachta" an alcóil, an fhoréigin, agus an striapachais ar shaolta na ndaoine sa tsraith seo, tionchair a bhí le brath go suntasach ní ba choitianta le linn an dara babhta den Réabhlóid Thionsclaíoch ná mar a bhí roimhe sin. Déantar scrúduithe ar dá sraith den teaghlach sínte amháin - an tsraith mheasúil (is é sin a rá na hoidhrithe dlisteanacha), na Rougons, agus an tsraith mhímheasúil (an sliocht mídlistineacha), na Macquarts – i rith thréimhse chúig ghlúine den teaghlach.
[...]
Cé go raibh cairdeas daingean idir Zola agus Cézanne óna leanbaíocht, d'éirigh eatarthu níos deireanaí ina saol de bharr an dealraimh fhicseanúil ar tharraing sé de Cézanne agus den saol boihéamach d'ealaíontóirí ina úrscéal L'Œuvre (An Sárshaothar, 1886).
Fear saibhir ab ea Zola ó 1877 amach, agus bhain sé an-tóir as foilseachán an úrscéil L'Assommoir; bhí tuarastal níos airde aige ná mar a bhí ag Victor Hugo as sin amach, mar shampla. Le himeacht aimsire d'fhulaing sé a bheith mar cheann feadhna den lucht liteartha na meánaicme agus d'eagair dinnéir cultúrtha ina villa sóchúlach (ar íoc sé 300,000 franc as) in Médan, in aice le Páras ó 1880 amach. D'fhreastail leithéidí Guy de Maupassant, Joris-Karl Huysmans, agus scríbhneoirí eile ar na cóisirí sin. Tháinig rath mór air mar scríbhneoir, go háirithe de bharr foilseacháin Germinal in 1885, agus ansin foilseacháin trí leabhar "na cathracha" - Lourdes (1894) , An Róimh (1896), agus Páras (1897).
Thagair Zola dó féin mar cheannaire an Nádúrachais Fhrancaigh, agus tá tionchar a shaothair le brath i gceoldrámaí éagsúla, leithéidí iadsan a chum Gustave Charpentier, go háirithe Louise, sna 1890í. Tá dealramh a shaothair, a spreag coincheapa na hoidhreachtúlachta (Claude Bernard), an Mainicéasaíochas Sóisialta, agus an Sóisialachas Idéalach, le brath i saothair Nadar, Manet agus Flaubert níos déanaí, freisin.
Moladh Zola do Dhuais Nobel na Litríochta i 1901 agus arís i 1902.
Scannal Dreyfus
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’éirigh an scannal Dreyfus, dar le Doise,[1] as plota a chum oifigigh shinsearacha in arm na Fraince le dallach dubh a chur ar na Gearmánaigh.[2]
1894
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Mheán Fómhair 1894, tháinig oifigigh Francacha ar fhaisnéis go raibh duine éigin ag scaoileadh rúin mhíleata d’Ambasáid na Gearmáine i bPáras. Bhí fiosrúchán ann. Shocraigh an Coirnéal Jean Sandherr, agus ceannaire ar an Roinn Staitistiúil (rúnseirbhís na Fraince) ar dhuine soineanta a chlaonadh mar fhealltóir.
Francach ab ea an Captaen Alfred Dreyfus, oifigeach airtléire in airm na Fraince agus Giúdach. Bhí drochamhras ag oifigigh shinsearacha ar Dreyfus. Tháinig sé as an Alsáis, labhair sé Gearmáinis agus bhí an frith-Sheimíteachas láidir ag an am. Agus bhí fuath ag a chomhoifigigh air, agus Dreyfus toirtéiseach ag an am céanna, is cosúil.[2]
Agus chun creidiúint Esterhazy a ardú leis na Gearmánaigh, dar le Doise,[1] cúisíodh Dreyfus san éagóir.
Oifigeach eile, Ferdinand Walsin Esterhazy, ab ea an spiaire. Ach dar le Doise,[1] bhí Esterhazy mar ghníomhaire ar an dá thaobh. A orduithe – eolas bréagach nó eolas áibhéalach a thabhairt do na Gearmánaigh, gach sórt eolais chun an dallamullóg a chur ar na Gearmánigh. (níl san fhianaise ach buille faoi thuairim, fós inniu). Níos déanaí, sa bhliain 1898 fuarthas Esterhazy neamhchiontach, chuaigh sé go dtí Sasana agus bh sé ag bailiú a phinsin ón Roinn Staitistiúil i Sasana go dtí na 1920idí.[3]
1895
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Eanáir 1895, cuireadh cúirt airm ar Dreyfus (35 bliain d'aois ag an an) as rúin mhíleata a thabhairt don attaché míleata Gearmánach i bPáras, Max von Schwartzkoppen. Bhí Dreyfusan t-aon oifigeach Giúdach ar fhoireann ghinearálta arm frith-Sheimíteach na Fraince.
Triaileadh é in airmchúirt, ciontaíodh é i gcion tréasa, agus ionnarbadh é go hOileán an Diabhail i nGuáin na Fraince.
Mar an gcéanna, tháinig tinneas ar Sandherr agus ceapadh an Coirnéal Georges Picquart mar cheannaire ar an ‘Roinn Staitistiúil’. Agus ní raibh eolas dá laghad aige ar an ról a d'imir Esterhazy, dar le Doise,[1]
1896
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an Leifteanantchoirnéal Georges Picquart ar fhianaise a ciontaíodh oifigeach eile, Ferdinand Walsin Esterhazy, agus chuir sé a chuid ardchéimiúil ar an eolas faoi.
Madame Bastian, bean ghlantacháin in Ambasáid na Gearmáine a tháinig ar an fhaisnéis. Bhí sise ina gníomhaire rúnda Francach agus thug sí é dá láimhseálaí, an Coirnéal Hubert Henry ó rannóg mhíleata frithfhaisnéise na Fraince – ‘An Roinn Staitistiúil’.[2]
Seachas beartú chun ainm Dreyfus a ghlanadh, rinne an t-arm cinneadh Esterhazy a chosaint agus áirithiú nach gcealófaí an chéad fhíorasc. Agus chun creidiúint Esterhazy a ardú leis na Gearmánaigh, shocraigh an Coirnéal Jean Sandherr, duine de na cealgairí agus réamhtheachtaí Picquart mar cheannaire ar an Roinn Staitistiúil ar dhuine soineanta a chlaonadh mar fhealltóir. Frith-Sheimíteach amach is amach a bhí i Sandherr.
1897
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhoilsigh Maor Hubert-Joseph Henry doiciméid a chuir an cuma ar an scéal go raibh Dreyfus ciontach agus ansin rinne sé cinnte de go sannfaí Picquart ar dhualgas san Afraic. Sular imigh sé, d’inis Picquart an méid a raibh ar eolas aige do lucht tacaíochta Dreyfus.
Roimh i bhfad ghlac le Seanadóir August Scheurer-Kestner aird a tharraing ar an gcúis, d’fhógair sa Seanad go raibh Dreyfus neamhchiontach agus chuir sé i leith Esterhazy gurbh eisean a bhí ciontach. Ach diúltaigh an rialtas go gceadófaí an fhianaise nua,
1898
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh Esterhazy ar triail agus fuarthas neamhchiontach é ar an 11 Eanáir 1898.
Chuaigh Zola i bpriacal go scriosfaí a ghairm agus araile ar 13 Eanáir 1898 nuair a foilsíodh alt a chum sé, J’accuse, ar chéad leathanach an nuachtáin laethúil L’Aurore. Ba ea Ernest Vaughan agus Georges Clemenceau a reáchtáil an nuachtán, agus ba iadsan a chinn go dtabharfaí foirm litir oscailte chuig an Uachtarán, Félix Faure.
Chuir J’Accuse i leith gur chuir oifigigh ab shinsearaí in Airm na Fraince bac ar phróiseas an chirt. Níos measa bhí siad ciontach den fhrith-Sheimíteachais nuair a gearradh pionós príosúin saoil ar Oileán an Diabhail go héagórach ar Alfred Dreyfus. Theastaigh ó Zola a léiriú don domhan fianaise nua, a thacaigh cúis Dreyfus, i gcás clúmhillte.
Ba chúis deighilte míltí idir an airm frithghníomhach agus an Eaglais Chaitliceach ar aon taobh amháin, agus an lucht cumarsáide a bhí ní ba liobrálaí ar an taobh eile. Lean le tionchar an cháis le blianta fada.
Ar chomóradh 100 bliain fhoilseachán alt Zola, ghabh La Croix, nuachtán laethúil sa Fhrainc, a leithscéal maidir leis na heagarfhocail frith-Sheimiteacha a scaoil sé le linn an Teagmhais Dreyfus. Ba chor cinniúnach lárnach é foilseachán litir Zola san eachra toisc gurb dhuine mór sa saol poiblí é chomh maith le duine de na smaointeoirí Francacha ba cheannródaíche. Seo rud a tharla agus cuireadh Zola ar thriail ar 7 Feabhra 1898, ach ciontaíodh é ar 23 Feabhra agus cuireadh deireadh dá bhallraíocht sa Légion d’Honneur.
Theith Zola go Sasana ionas nach mbeadh air tréimhse a chaitheamh i bpríosún. Bhain sé Stáisiúin Victoria amach ar 19 Iúil gan fiú dóthain ama beart éadaí a phacáil. Chaith sé bliain i Londain, ina raibh sé ina chónaí in Norwood Uachtarach (ó mhí Dheireadh Fómhair 1898 go mí Mheithimh 1899).
Ansin cuireadh Picquart i bpríosún.
Ach ansin,an feachtas chun Dreyfus a ligean saor ag dul ó neart go neart, lean na cealgairí faoin Choirnéal Henry ag cumadh fianaise nua le hé a choinneáil i ngéibhinn.. I mí Lúnasa 1898, gabhadh an Coirnéal Henry agus ghearr sé a scornach i bpríosún; féinmharú b'fhéidir.
1899
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Feabhra 1899, d’éag Uachtarán na Fraince, Félix Faure, an fear ar scríobh Zola J’Accuse chuige. Toghadh Emile Loubet ina áit.
Níos moille sa bhliain saoradh Dreyfus agus tugadh ar ais chun na Fraince é.
Tugadh cead do Zola filleadh ar an Fhrainc in am titim an rialtais a bhreithniú.
Thug an rialtas rabhadh do Zola pardún a fháil (seachas cúiteamh), rud a d'fhágfadh go mbeadh sé saor (ach amháin go nglacfadh sé go raibh sé ciontach), nó go dtriailfeadh sé den athuair, agus go gciontaíodh é arís den athuair gan aon agó. Cé gurb léir nach raibh sé ciontach, roghnaigh sé glacadh leis an bpardún. Dúirt Zola “Tá an fhírinne ag máirseáil, agus níl rud ar bith a gcuirfeadh bac air.”
1906
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1906, cúitigh an Chúirt Uachtarach Dreyfus go hiomlán. Agus ceapadh An Coirnéal Picquart ina aire cogaidh.[2]
Iarmhairt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aithnítear go forleathan gurbh é an t-alt sin a scríobh Zola in 1898 an comhartha ab shoiléire den chumhacht nua a raibh ag na hintleachtóirí (scríbhneoirí, ealaíontóirí, acadamhaithe) i múnla tuairimí an phobail, na meán cumarsáide agus an stáit.
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1862, tugadh saoránacht Fhrancach do Zola. In 1864, bhuail sé ar Éléonore-Alexandrine Meley (a thug Gabrielle uirthi féin). Bean fuála ab ea í agus ceaptar go forleathan gur striapach í. Phós siad ar an 31 Bealtaine 1870.
D'fhan sí lena thaobh ar fad a shaoil iomláin agus bhí páirt lárnach aici le cur chun tosaigh a shaothair. Ní raibh clann acu. Bhí leanbh ag Alexandrine Zola sular bhuail sí ar Zola, leanbh a chuir sí chun uchtú toisc nach raibh sí in ann aire a thabhairt dó. Nuair a d'inis sí an rún seo do Zola i ndiaidh a mbainis, chuaigh siad ar thóir an chailín, ach tharla gur éag an leanbh tamall beag i ndiaidh a breithe.
Sa bhliain 1888, chuaigh Zola leis an ngrianghrafadóireacht agus d'éirigh leis cumas sa cheird sin nach mór gairmeach a bhaint amach.
Sa bhliain chéanna, fostaigh Alexandrine bean fuála Jeanne Rozerot agus cuireadh Jeanne fúithi i dteach Zola in Médan. Thit Zola i ngrá léi agus bhí beirt chlainne aige léi: Denise in 1889 agus Jacques in 1891. Nuair a d'aistrigh Jeanne go Páras, lean Zola ar aghaidh ag tabhairt airgid di agus ag tabhairt cuairte ar na páistí.
I mí Mheán Fómhair 1891 tháinig Alexandrine ar an bhfírinne faoin gcaidreamh bradach agus is beag nár chríochnaigh an pósadh dá bharr. Nuair a cuireadh réiteach ar an gcoimhlint, áfach, bhí Zola in ann níos mó ama a chaitheamh leis na páistí. I ndiaidh a bháis, thóg siad a ainm mar a sloinne dleathach.
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Contes à Ninon (1864)
- La Confession de Claude (1865)
- Les Mystères de Marseille (1867)
- Thérèse Raquin (1867)
- Madeleine Férat (1868)
- Nouveaux Contes à Ninon (1874)
- Le Roman Experimental (1880)
- Jacques Damour et autres nouvelles (1880)
- L'Attaque du moulin" (1877), gearrscéal ar áirigh in Les Soirées de Médan
- L'Inondation (An Tuile) novella (1880)
- Les Rougon-Macquart:
- La Fortune des Rougon (1871)
- La Curée (1871–72)
- Le Ventre de Paris (1873)
- La Conquête de Plassans (1874)
- La Faute de l'Abbé Mouret (1875)
- Son Excellence Eugène Rougon (1876)
- L'Assommoir (1877)
- Une Page d'amour (1878)
- Nana (1880)
- Pot-Bouille (1882)
- Au Bonheur des Dames (1883)
- La Joie de vivre (1884)
- Germinal (1885)
- L'Œuvre (1886)
- La Terre (1887)
- Le Rêve (1888)
- La Bête humaine (1890)
- L'Argent (1891)
- La Débâcle (1892)
- Le Docteur Pascal (1893)
- Les Trois Villes:
- Lourdes (1894)
- Rome (1896)
- Paris (1898)
- Les Quatre Évangiles:
- Fécondité (1899)
- Travail (1901)
- Vérité (1903, foilsithe tar éis a bháis)
- Justice (neamhchríochnaithe)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Robert E. Kaplan (1999). "Making Sense of the Rennes Verdict: The Military Dimension of the Dreyfus Affair". Journal of Contemporary History 34 (4): 499–515. doi: . ISSN 0022-0094.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Aodhán Ó Raghailligh (D.F. 2012). "Oscar Wilde agus l'affaire Dreyfus" (An tUltach 89 (10), lch 14-15).
- ↑ "Ferdinand Walsin Esterhazy" (as fr) (2021-01-07). Wikipédia.