Airtléire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'armaAirtléire
Cineálweapon functional class (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair seirbhíse
Oibreoiríairtléire Cuir in eagar ar Wikidata
Airtléire

An t-ordanás is mó a bhíonn ag arm, na gunnaí agus na diúracáin / roicéid fhadraonacha, ní hionann is na mionghunnaí a bhíonn ag gach saighdiúir.

Is féidir go mbeidh na gunnaí móra nó na meaisíní lainseála suite ar fheithiclí, go minic le creasa boinn.

Maidir leis na diúracáin, is féidir go mbeidh roinnt buamaí neamhspleácha ar dhiúracán amháin is féidir a stiúradh ar thairgéid scaipthe.

airtléire 18 punt, ó 1904 ar aghaidh

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bheadh píosaí airm ar nós an gunna 18 punt in úsáid le linn an Chéad Chogadh Domhanda agus é armtha ag 10 saighdiúir[1]. D’úsáid na Sasanaigh an gunna 18 punt freisin le linn Éirí Amach na Cásca agus Cogadh Cathartha na hÉireann.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. museum.ie. "An Chéad Chogadh Domhanda". Dáta rochtana: 29 Iúil 2018.
  2. Hussey, Matt (2011). "Airtléire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 28.