Z-Bósón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cáithnín fonúicléach a iompraíonn an fórsa núicleach lag idir cáithníní cóngaracha. Neodrach ó thaobh luchta, guairne 1. Tá páirt ag an bhfórsa lag seo sa radaighníomhaíocht. Réamhinsíodh go raibh a leithéid de cháithnín ann ó theoiric Glashow-Weinberg-Salam, agus go nginfí iad dá n-imbhuailfeadh leictreoin dhiúltacha i gcoinne posatrón dearfach. Bósón ollmhór atá ann, 100 oiread níos mó ná prótón, le mais beagnach chomh mór le mais adamh airgid. Ceaptar go raibh sé flúirseach sa luath-Chruinne. Freagraíonn na Z-cháithníní do na buntuiscintí ar conas a cheanglaíonn na cáithníní bunúsacha go léir le chéile. Déantar na turgnaimh seo le luasairí cáithníní, mar atá i CERN sa Ghinéiv mar ar cruthaíodh iad go saorga den chéad uair i 1983. Díscaoileann sé ina leictreon is ina phosatrón, ina mhuón is ina fhrithmhúón, nó ina neoidríonó is ina fhrithneoidríonó. Tá tuilleadh turgnamh ar siúl chun airíonna eile na Z-cháithníní a dhéanamh amach.