Teoiric Glashow-Weinberg-Salam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teoiric chandamach na n-idirghníomhuithe laga ina n-aontaítear an fórsa núicléach lag is an fórsa leictreamaighnéadach. Foirmlíodh i 1968 í ag na fisiceoirí Meiriceánacha Sheldon Glashow (1932-) is Steven Weinberg (1933-) agus an fisicí Pacastánach Abdus Salam (1926-1996). Samhlaítear go dtarlaíonn meath radaighníomhach trí idirghabháil an W-cháithnín. Réamhinsíonn an teoiric seo an mhais cheart do na W- is Z-cháithníní trí bhriseadh spontáineach na siméadrachta. Bronnadh Duais Nobel na Fisice ar Glashow, Salam agus Weinberg sa bhliain 1979.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teoiric Glashow-Weinberg-Salam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 320.