Yuri Gagarin
Ba spásaire Sóivéadach é Yuri Alekseyevich Gagarin (Rúisis: Юрий Алексеевич Гагарин). Ba é Yuri Gagarin an chéad duine riamh a chuaigh lasmuigh d'atmaisféar an domhain.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Gagarin ar an 9 Márta 1934 ar an taobh thiar de phríomhchathair na Rúise, Moscó.
Tháinig sé i méadaíocht ar fheirm chumannach mar a raibh a athair ina shiúinéir. Chuaigh an t-athair isteach san arm nuair a rinne an Ghearmáin ionradh ar an Rúis agus tugadh Yuri agus an chuid eile den teaghlach amach as láthair na cogaíochta.
Nuair a bhí sé san iarbhunscoil chuir Yuri spéis sa teicneolaíocht agus fuair sé oiliúint sa mhiotalóireacht.
Chuir sé spéis in eitleáin ina dhiaidh sin agus é ar choláiste agus d'fhreastail sé ar ranganna eitleoireachta. Ba léir go raibh an tallann aige mar phíolóta agus chuaigh sé isteach san Aerfhórsa nuair a bhí sé réidh leis an choláiste.
Píolóta trialach a bhí ann, eitleáin nua á dtriail aige in aois nua na scairdeitleán. Nuair a thosaigh clár taiscéalaíocht spáis na Rúise bhí Gagarin ar bís le páirt a ghlacadh ann. Bhí sé ar dhuine den seisear a oileadh mar spásairí san Aontacht Shóivéadach agus piocadh é le bheith ina phíolóta ar an chéad spáslong.
An chéad duine riamh sa spás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 12 Aibreán 1961 ba é Yuri Gagarin an chéad duine riamh a chuaigh lasmuigh d'atmaisféar an domhain. Rinne sé timthriall ar an bpláinéad ar bhord an spásárthach Vostok a hAon ("Oirthear" is brí leis an bhfocal Rúisise sin vostok). Bhí sé seacht mbliana fichead d'aois nuair a teilgeadh sa spás é as Baikonur. Turas 108 nóiméad a bhí ann. Ba é 28,260 ciliméadar san uair an luas b'airde a shroich a árthach agus é sa spás.
Ba iad Sergey Korolyov agus Kerim Kerimov (nó Kərim Əli oğlu Kərimov, mar a litrítear a ainm ina theanga dhúchais féin - Asarbaiseánach a bhí ann) príomhailtirí an turais seo. Ba é Korolyov "athair na spáseitilte" san Aontas Sóivéadach.
Cáil agus bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ón lá sin amach, 12 Aibreán 1961, bhí Gagarin ina laoch ar fud an domhain. Bhain sé an-taitneamh as a cháil.
Ar dtús, ní raibh cead ag Gagarin eitilt arís áfach. Cuireadh luach an-ard ar a shaol. Chuir an srian as go mór dó.
I 1968, thosaigh Gagarin ag dul faoi oiliúint san aer. Cúpla seachtain níos déanaí, maraíodh Gagarin i dtimpiste ar an 27 Márta 1968 agus eitleán nua (MIG-15) á thriail aige. 34 bliana d'aois a bhí sé. Bhí an timpiste faoi bhrat rúndachta, agus tá go leor conspóide ag baint leis fós.
Créamadh a chorp agus cuireadh an laoch i mballa sa Chreimil.
Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]-
1964
-
1976
-
1981
-
2001
-
2001
-
2011
-
2001
-
2011
-
2011
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin Rúise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi scríbhneoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol a bhaineann leis an spáis nó spáseitilt é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |