William Thomson
Ba fisiceoir matamaiticiúil agus innealtóir Éireannach é William Thomson, nó an Tiarna Kelvin,[1] an 1ú Barún Kelvin, OM, GCVO, PC, PRS, FRSE, (26 Meitheamh 1824 – 17 Nollaig 1907) a saolaíodh i mBéal Feirste.
Chuir Thomson go mór le tógáil na fisice mar disciplín[2]. Bhí ról lárnach aige in aontú na heolaíochta sa chéad sin trí gach athrú fisiciúil a shamhlú mar fheiniméan a raibh baint éigin aige le fuinneamh. Fathach ab ea Thompson i bhfisic an chéid sin, díreach mar a bhí Newton sa 17ú céad agus Einstein sa 20ú céad.
Chabhraigh Thomson le bunú na fisice nua-aoisí, shaothraigh dara dlí na teirmidinimice, an dearbhscála teochta (in aonaid atá ainmnithe as: ceilviní), agus teoiric dhinimiciúil an teasa. D'fhorbair sé anailís mhatamaiticiúil an leictreachais, an mhaighnéadais, is na hidridinimice.
Scála teochta Kelvin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá a ainm i mbéal an phobail toisc gurb é a d'fhorbair an scála Kelvin le haghaidh na dearbhtheochta a thomhais.
Bhronnadh an gradam Barún air as ucht a mhórghníomhartha.
Tá "Kelvin" díorthaithe ó ainm Abhainn Cheilbhinn, a tharshreabhann Ollscoil Glaschú na hAlban.
Aireagáin eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leag Thomson bunús faoi theoiric leictreamaighnéadach an tsolais. Rinne sé cinneadh ar aois gheofhisiciúil an Domhain.
Bhí Thomson gníomhach i dteileagrafaíocht faoin muir, rinne fionnachtana le húsáid na gcáblaí faoin muir, chabhraigh leis an mBreatain ionad róchéimiúil a bhaint amach i gcumarsáid dhomhanda sa 19ú céad.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne sé obair thábhachtach in Ollscoil Ghlaschú agus é ag plé le anailís mhatamaiticiúil ar leictreachas agus teirmidinimic.
Tharraing a shaol mar aireagóir clú dó agus a d'fhág é ina dhuine saibhir laochmhar agus onórach.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “Lord Kelvin — Aistriúchán Gaeilge ar Lord Kelvin (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-19.
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 20011)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |