Cábla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cábla leictreach

Rópa nó slabhra teann láidir is ea cábla mar shampla, sreang leictreachais nó teileafóin.[1] Fadó bhí rópa snáithíneach i gceist, ach anois féadfaidh na snáithíní a bheith déanta as miotal nó miotal le ciseal seachtrach inslitheora (cáblaí leictreacha), nó gloine nó plaisteach (cábla snáithíní optúla).

Na bunsnáithíní sa chábla casta, lúbtha nó fite ar a chéile ar feadh i bhfad. I gcábla comhaiseach bíonn an dara truaill copair idir an t-inslitheoir seachtrach, agus ciseal inslithe timpeall ar an gcroíleacán copair.

Bhíodh a leithéid de cháblaí in úsáid go forleathan i gcórais leictreonacha, córais teileachumarsáide go príomha, ach tá cáblaí snáithíní optúla curtha ina n-ionad anois, cuid mhaith.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Foclóir Beag: cábla" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2023-07-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cábla". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 102.