William O'Sullivan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWilliam O'Sullivan
Beathaisnéis
BreithAn Druipseach Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1890
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Giessen Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceimiceoir Cuir in eagar ar Wikidata

Ceimicí a rugadh sa Druipseach, Contae Chorcaí ab ea William O'Sullivan (1826?-1890). Rinne sé staidéar le Justus Liebig in Ollscoil Giessen na Gearmáine, agus fuair dochtúireacht sa cheimic (1844). Ionadaí ar Thomas Antisell sa tsaotharlann ceimice i Músaem Tionsclaíochta na hÉireann, agus tháinig sé i gcomharbacht air i 1848. Thairg sé gurbh acmhainn luachmhar an mhóin, agus gurbh fhéidir tionscal a bhunú uirthi, rud nár chreid Robert Kane. Chuir sé toradh taighde eile dá chuid ar fáil sa leabhar The Manufacture of Beet-Root Sugar in Ireland (Déantúsaíocht Siúcra as Biatas in Éirinn, 1851) inar leag síos an cás ceimiceach is an cás eacnamaíoch don tionscal. Dhírigh sé aird ar an bhfuinneamh gan úsáid sna haibhneacha. Moladh láidir eile a rinne sé ná an gá le hoideachas is traenáil phraiticiúil chun tionsclaíocht mharthanach is fostaíocht a chur ar aghaidh. Nuair a d'éirigh Kane as uachtaránacht Choláiste na Banríona, Corcaigh i 1873, ceapadh O'Sullivan i gcomharbacht air.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "William O'Sullivan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 500.