Justus von Liebig
Cuma
(Athsheolta ó Justus Liebig)
Ceimicí a saolaíodh in Darmstadt na Gearmáine ab ea Justus von Liebig (12 Bealtaine 1803 - 18 Aibreán 1873). Ollamh in Giessen (1824-1852) agus München (1852-1873). Rinne sé taighde ar ghnéithe éagsúla den cheimic orgánach, ainmhíoch is talmhaíochta. Shaothraigh sé modhanna nua anailíse cosúil le comhdhlúthadán Liebig, gaireas driogtha.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Justus Liebig". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 409.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
