William Bateson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
William Bateson
Bateson2.jpg
Saol
Eolas breitheWhitby, 8 Lúnasa 1861
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Áit chónaitheSasana
BásBuirg Londan Merton, 8 Feabhra 1926
Muintir
AthairWilliam Henry Bateson
MáthairAnna Bateson
Páistí
liosta iomláin
Siblíní
Oideachas
Alma materOllscoil Naomh Eoin
Scoil Rugby
Stiúrthóir tráchtaisFrancis Maitland Balfour (en) Aistrigh
Mic léinn dochtúireachtaReginald Crundall Punnett (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmgéineolaí agus bitheolaí
FostóiríOllscoil Cambridge
Duaiseanna
BallraíochtAn Cumann Ríoga
Acadamh Eolaíochtaí APSS
Acadamh Rúiseach na nEolaíochtaí
Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí

Bitheolaí a saolaíodh i Whitby Shasana ab ea William Bateson (8 Lúnasa 18618 Feabhra 1926). Rinne sé taighde ar bhunúis eolaíoch na géinitice. Ba é Bateson a chum an focal "géinitic" sa bhliain 1907.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí baint ag Bateson ar feadh a shaoil le St. John's College (Cambridge). Máistir ag St. John's a bhí ina athair, William Henry Bateson. D'fhreastail William ar Rugby School agus ansin St. John's College, mar ar bhain sé céim onóracha bhaitsiléara amach sa bhliain 1883.

Fuair sé post mar mhúinteoir ansin agus rinneadh comhalta an Choláiste de ní ba dhéanaí.

Géineolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oibrigh Bateson go dian chun teoiricí Gregor Mendel a chur chun cinn. Thaispeáin sé  gur trí na géinte a bhronntar cuid de thréithe an athar agus na máthar ar a gclann, i ndiaidh do Hugo de Vries agus Carl Correns teacht in athuair ar shaothar Mendel sa bhliain 1900.

William Bateson sa bhliain 1909 le Dennis G. Lillie

Rinne Bateson turais go dtí na Stáit Aontaithe agus an Áise Láir le taighde a dhéanamh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]