Wilhelm Wien
Appearance
Fisiceoir a saolaíodh i nGaffken na Gearmáine ab ea Wilhelm Carl Werner Otto Fritz Franz Wien (13 Eanáir 1864 – 30 Lúnasa 1928). Rinne sé taighde ar hidridinimic, X-ghathanna agus radaíocht an tsolais. D'fhorbair sé dlí Wien, a chuireann síos ar an ngaol idir dáileadh an fhuinnimh i speictream radaíocht teasa, an tonnfhad is an teocht. Bhuaigh sé Duais Nobel na fisice i 1911. Theip ar an dlí de réir a chéile le laghdú sna tonnfhaid, rud a spreag Planck chun an teoiric chandamach a leagan amach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Wilhelm Carl Werner Otto Fritz Franz Wien". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 704.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |