Dúchorp

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Astaíonn dromchla te radaíocht leictreamaighnéadach. Braitheann déine is tonnfhad na radaíochta seo ar dhearbhtheocht an dromchla agus gnéithe mar dhath is ainmhíne an dromchla astaíochta. Cinneann na gnéithe seo éifeacht astaíochta an dromchla. Más nialas an éifeacht seo ní astaíonn an dromchla aon radaíocht, dá airde a theocht. Má bhíonn an dromchla 100% éifeachtach chun radaíochta, tugtar dúchorp air. Ag an am céanna, ionsúnn an dúchorp go hiomlán gach radaíocht a imbhuaileann é. Iarracht mhaith ar dhúchorp mar seo is ea poll beag i mballa bosca bhig agus an taobh istigh dubhaithe. An radaíocht uile a imbhuaileann an poll beag, téann sí isteach sa bhosca agus ionsúitear go huile istigh ann í. Nuair a théitear an bosca, astaítear radaíocht ón bpoll. Ag teocht an tseomra, is radaíocht infridhearg dhofheicthe an radaíocht astaithe seo, agus bíonn cuma dhubh ar an bpoll.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dúchorp". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 226.