Whitey Bulger
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) James Joseph Bulger 3 Meán Fómhair 1929 Bostún, Massachusetts |
Bás | 30 Deireadh Fómhair 2018 89 bliana d'aois Príosún na Stát Aontaithe, Hazelton, West Virginia |
Siocair bháis | Dúnbhású (Tráma mhaol agus linseáil) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ardscoil Bhostúin Theas |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Maifia |
Gairm | coirpeach, gangstaer, sraithmharfóir |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Aerfhórsa na Stát Aontaithe |
Coinbhleacht | Cogadh na Cóiré |
Eile | |
Siblín | Bill Bulger |
Ciontaíodh i | dúnmharú gáinneáil ar dhrugaí ionsaí (1940í) robáil faoi airm (1950í) fuadach cairr (1950í) extortion (en) (2013) money laundering (en) (2013) arms trafficking (en) (2013) cambheart (2013) |
Ba mháistir coiriúlachta Meiriceánach é James Joseph "Whitey" Bulger, Jr. (3 Meán Fómhair 1929 – 30 Deireadh Fómhair 2018).[1] Rugadh é i nDorchester, comharsanacht de Bhostún, Massachusetts. Bhí Bulger i gceannas ar an Winter Hill Gang, drong coirpeach lonnaithe i Somerville, Massachusetts. Bhí sé réitithe go dtabharfadh sé faisnéis don FBI i dtaobh choirpeach eile, gan aon chur isteach ag an FBI ar a chuid coireanna féin. Cuireadh náire ar an mbiúró sa bhliain 1997 nuair a nocht an páipéar nuachta The Boston Globe an réitiú sin eatarthu os comhair an tsaoil.[2]
Ar 19 Lúnasa 1999, cuireadh Bulger ar liosta an deichniúr coirpeach is mó tóir orthu ag an FBI. Tá cambheartaíocht, 19 dúnmharú, sracaireacht airgid, níochán airgid, comhcheilg, agus dáileadh drugaí támhshuanacha curtha ina leith. Tar éis 16 bliana a bheith caite ag Bulger ar a theitheadh, gabhadh eisean agus a chailínchara ar 23 Meitheamh, 2011 in Santa Monica, California ag an árasán a raibh siad ina gcónaí ann. Bhí Bulger 81 bliain d’aois ag am a ghabhála.
Chuaigh cás Bulger chun trialach ar an 12ú Meitheamh 2013 i gcúirt i mBostún Theas agus 32 coir curtha ina leith, comhpháirteachas i 19 dúnmharú ina measc. Ar an 12ú Lúnasa 2013 ciontaíodh é in 31 de na cúiseamh úd, agus fuarthas go raibh sé páirteach in 11 dúnmharú.
Ar 30 Deireadh Fómhair 2018, tugadh Bulger ó phríosún Feidearálach go príosún Feidearálach eile in Hazelton, Virginia Thiar. Ní ba dhéanaí fuarthas a chorp ina chillín. Bualadh chun báis é agus rinneadh iarracht a dhá shúil a ghearradh amach le scian.]].[3]
As Talamh an Éisc seantuismitheoirí Bhulger ar thaobh a athar agus iad de shinsearacht Éireannach. Iníon le himircí as Éireann í a mháthair.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Billy Bulger, a dheartháir[2]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ examinations.ie (2006). "AN TAOBH DORCHA DE GHAEL-MHEIRICEÁ". Sa leabhar, Paddy Whackedː The Untold Story of the Irish American Gangster, ríomhann an t-údar T. J. English scéal agus stair na gcoirpeach Gael-Mheiriceánach ó aimsir an Ghorta go dtí ár linn féin.. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-15. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ 2.0 2.1 Máirtín Ó Catháin (8 Iúil 2024). "An bhfuil aithne agat ar Whitey Bulger? Nach mise a dheartháir?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-13.
- ↑ "Notorious mob boss Whitey Bulger found dead in prison".
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |