Wangari Maathai
Cuma
Cosantóir comhshaoil is cearta daonna a rugadh i Nyeri na Céinia ab ea Wangari Maathai (1 Aibreán 1940 – 25 Meán Fómhair 2011). Bhain sí amach dochtúireacht in anatamaíocht na n-ainimhithe.
Sa bhliain 1977 bhunaigh sí Gluaiseacht an Chreasa Ghlais, an scéim plandála crann ba mhó riamh san Afraic, agus aidhm aici bithéagsúlacht a chur chun cinn is ionannas níos láidre a thabhairt do mhná sa tsochaí.
Bhuaigh sí Duais Nobel na Síochána sa bhliain 2004, an chéad bhean Afracach a bhuaigh an duais sin.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Wangari Maathai". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 427.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |