Ollscoil Pittsburgh
Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil.
Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
Ollscoil thaighde atá ceangailte le Stát Pennsylvania is ea Ollscoil Pittsburgh nó "Pitt", mar a thugtar uirthi go coitianta. Tá an scoil suite in Oakland, comharsanacht de chuid Pittsburgh, in iarthar an stáit úd. Acadamh Phittsburgh a tugadh ar an scoil i ndiaidh a bunaithe sa bhliain 1787 in iargúl Mheiriceá ar an teorainn idir an cine geal agus na Bundúchasaigh. Ollscoil Iarthar Phennsylvania (Western University of Pennsylvania) a tugadh uirthi ón bhliain 1819 go 1908, nuair a fuair an scoil an t-ainm atá uirthi inniu. Institiúid léinn phríobháideach í go dtí an bhliain 1966.
Aithnítear Ollscoil Pittsburgh go minic as feabhas an taighde agus as caighdeán shaol na mac léinn atá ann. Tá clú freisin ar an ollscoil as a gcuid cláracha spórt. Éiríonn le foirne spórt Pitt go rialta ar leibhéal náisiúnta. Tá campas 132 acra (0.53 km²) ag an ollscoil. Tá 4,686 duine ar an fhoireann acadúil sa scoil agus tá 28,328 mac léinn ag déanamh staidéir ann (18,031 fochéimí agus 10,297 iarchéimí). Bhí ról lárnach ag Ollscoil Pittsburgh i bhforbairt an vacsaín polaimiailítis.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |