Wadih Saadeh
| Ainm sa teanga dhúchais | (ar) وديع سعادة |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 1948 77/78 bliana d'aois Chibtine (an Liobáin) |
| Áit chónaithe | Sydney an Liobáin |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | iriseoir, file, scríbhneoir |
| Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas
| |
File agus iriseoir Liobánach-Astrálach is ea Wadih Sa'adeh (Araibis: وديع سعادة), a rugadh sa bhliain 1948.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Wadih Sa'adah san Liobáin sa bhliain 1948. Agus é ina fhear óg, d'oibrigh sé mar iriseoir i mBéiriút, Londain, i bPáras agus Nicosia, sular bhog sé go dtí an Astráil sa bhliain 1988. Thosaigh sé ag obair ansin mar eagarthóir bainistíochta do ‘Annahar’, nuachtán Liobánach a foilsítear i Sydney.
Tá dhá leabhar déag filíochta foilsithe aige in Araibis, cuid acu aistrithe go Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis agus teangacha eile. Glacann sé páirt i bhféilte filíochta, minic go leor, san Astráil agus go hidirnáisiúnta (Kholn, Beirlín agus Lodeve san áireamh). Measann léirmheastóirí go bhfuil guth sainiúil ag Wadih Sa'adeh i réimse filíochta Araibis nua-aimseartha.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dánta aistrithe go Spáinnis
- Suíomh Wadih Sa'adeh
- Mír ionstraimeach faoi anáil an dáin le Saadih Wadih
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |