Vincent O'Brien

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVincent O'Brien
Beathaisnéis
Breith9 Aibreán 1917
Bás1 Meitheamh 2009
92 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmtraenálaí capall Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtspórt eachaíochta Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh an Dr. Micheal Vincent Ó Briain ar an 9 Aibreán, 1917 i mBaile na hEaglaise, Co. Chorcaí agus fuair sé bás ar an 1 Meitheamh 2009. Ba thraenálaí capall rása é. Vótáladh é mar an tionchar ba mhó ar stair na rásaíochta capall, dar le vótáil a eagraíodh sa nuachtán The Racing Post. Thraenáil sé sé chapall chun Dearbaí Epsom a bhaint amach agus ba é an Barrthraenálaí Sasanach faoi dhó agus níl ansin ach blaisín dá chuid gaiscí.

Ar dtús, bhí sé ina thraenálaí do léimrásaí agus bhuaigh sé an Grand National ag Learpholl trí huaire: le EarlyMist i 1953, Royal Tan i 1954 agus Quare Times i 1955. Is dócha gurbh é an capall léimráis ab fhearr a thraenáil sé ná Cottage Rake a bhuaigh Corn Óir Cheltenham faoi thrí sna caogaidí. Bhuaigh sé an Cliathrás Seaimpíneach (Champion Hurdle) chomh maith, trí bliana i ndiaidh a chéile, le Hatton’s Grace.

Go gairid ina dhiaidh sin, dhírigh sé ar rásaí ar an réidh agus bhunaigh sé a stáblaí i mBaile Dúill in aice le Caiseal, Co. Thiobraid Árann. An chéad chapall rása ar an réidh den chéad scoth a bhí aige ná Ballymoss agus ba leis an bhfear gnó Meiriceánach John McShain an capall seo. I 1957, thóg an bromach Duaiseanna Dhearbaí na hÉireann (Irish Derby Stakes) agus Duaiseanna St. Leger (St. Leger Stakes) i Sasana. Bhí an lá leis i 1958 chomh maith, nuair a bhain sé Prix de l’arc de Triomphe na Fraince. Rug Ballymoss an chraobh leis sa bhliain chéanna nuair a roghnaíodh é mar Chapall Eorpach na Bliana. Ba é céad bhuaiteoir O’Brien i nDearbaí Epsom ná Larkspur i 1962. Ba iad a chuid buaiteoirí eile ná Sir Ivor (1968), Nijinsky (1970), Roberto (1972), The Minstrel (1977) agus a cheann deireanach, Golden Fleece i 1982.

Na seachtóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith na seachtóidí, bhunaigh O’Brien agus an t-uinéar Robert Sangster, chomh maith le cliamhain O’Brien, John Magnier, siondacáit Coolmore, a chuaigh ó neart go neart mar ghnó capall rása agus síolraithe, suite ag Graí Coolmore agus ar fheirmeacha in Kentucky agus san Astráil freisin. Ba é an meascán den bhua dochreidte a bhí ag O’Brien na capaill is fearr ar domhan a phiocadh in éineacht le géire intinne i gcúrsaí gnó Magnier a bhrúigh chun cinn Graí Coolmore go tús áite sa domhan ráis agus cúis bhróid dóibh na sócmhainní a bhí acu, níos mó ná aon ghraí ráis eile san Eoraip, sa Mheánoirthear, nó i Meiriceá fiú.

Ba í an tseift rúnda a bhí acu ná sliocht an chapaill Northern Dancer a úsáid. Síolraíodh an capall seo i gCeanada agus bhuaigh sé Dearbaí Kentucky. Bromach dá shliocht a bhí in Nijinsky, an capall ab fhearr a thraenáil O’Brien riamh, is dócha. Stiúir Lester Piggot é chun Dearbaí Epsom a bhuachan agus bhí Piggot ceangailte go dlúth le stáblaí Bhaile Dhúill, i rith na mblianta ba rathúla, idir na seascaidí deireanacha agus na seachtóidí. Sa deireadh, vótáladh O’Brien mar an traenálaí ab fhearr sa tSeilg Náisiúnta san fhichiú haois agus ina dhiaidh sin, an traenálaí ar an réidh ab fhearr san fhichiú haois. Vótáladh chomh maith é mar an duine ba mhó i stair na rásaíochta capall i vóta ollmhór sa nuachtán The Racing Post. Ba é Lester Piggot an dara duine ba mhó i ngrúpa de chéad iomaitheoir, a bhí roghnaithe go cúramach ag foireann de shaineolaithe rásaíochta. Fuair O’Brien 28% den vóta iomlán.

A mhac David[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh mac le O’Brien, David, leis an traenáil chomh maith agus bhuaigh sé Dearbaí Epsom i 1984 le Secreto, a bhain an rás de cheann ó chapall a athar El Gran Senor. Ba é David an traenálaí ab óige riamh a bhuaigh Dearbaí Epsom, Dearbaí na hÉireann agus Dearbaí na Fraince.

D’éirigh David as an traenáil, tar éis gur rugadh a chéad mhac Andrew, cinneadh a bhain preab uafásach as domhan na rásaíochta. Lean díospóireacht leanúnach an eachtra seo agus daoine ag rá go leanfadh sé lorg a athar agus go mbainfeadh sé an chraobh de i ndeireadh báire. D’éirigh Vincent as an traenáil sna nóchaidí tar éis gur bhuaigh Royal Academy an Breeders’ Cup Mile ag Páirc Belmont in Elmont, Nua-Eabhrac i 1990. Fostaíodh Aidan O’Brien in Coolmore ansin, chun tabhairt faoi fhreagrachtaí traenála Vincent. I gcodarsnacht le Vincent, a bhí páirteach i ngach chuid de roghnú, de thraenáil agus de shíolrú na gcapall, an t-aon ról atá ag Aidan ná cibé capall atá ceannaithe ag nó síolraithe ag Coolmore a thraenáil. Tugann an ról níos cúinge seo an deis d’Aidan an t-uafás buaiteoirí a chur amach ó shliocht dochreidte capall Vincent, ag cinntiú ainm Coolmore mar an comhlacht eachra folaíochta is mó ar domhan.

A bhean agus a chlann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Vincent Jacqueline Wittenoom ó Perth, an Astráil i 1951 agus bhí cúigear clainne acu, triúr inionacha Elizabeth (McClory), Susan (Magnier), Jane (Myerscough) agus beirt mhac, Charles agus David, a chuaigh leis an traenáil.

Caith Vincent O’Brien agus a bhean leath de gach bliain ina baile dúchais siúd, Perth, an Astráil agus an chuid eile den bhliain in Éirinn.

Fuair sé bás ar an 1 Meitheamh 2009.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]