Jump to content

Breeders’ Cup

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBreeders’ Cup
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálócáid bhliantúil Cuir in eagar ar Wikidata
TírCeanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Suíomh gréasáinbreederscup.com Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: breederscup X: breederscup Cuir in eagar ar Wikidata
lógó

Is rás capall cáiliúil é an Breeders’ Cup World Championship sna Stáit Aontaithe.[1] Ní haon rása amháin atá i gceist leis an Breeders’ Cup ach 14 acu – a leath sin a bhí i gceist go dtáinig 2007 nuair a rinneadh Féile dhá lá de.[2] Bíonn an rásaíocht ar siúl gach bliain, i dtús mhí na Samhna de ghnáth, ar ráschúrsaí timpeall na tíre (agus i gCeanada aon uair amháin).

Ba ar chúrsa Hollywood Park i Los Angeles a reáchtáladh na rásaí nuair a thosaigh an Breeders’ Cup i 1984. Tá sí sin dúnta anois ach tá cuid de na traiceanna is cáiliúla i Meiriceá ar an liosta áiteacha ina raibh an iomaíocht ina dhiaidh sin – athraítear ionad ó bhliain go bliain. Aqueduct, Santa Anita, Churchill Downs, Belmont Park, Keenland agus Del Mar, ceann de na cúrsaí is gleoite sna Státaí, é cois na farraige buailte ar San Diego. ‘Where the Surf meets the Turf’ an leathfhocal a úsáideann siad siúd a bhíonn i mbun bolscaireachta dó.

$1 milliún an ceann an duaischiste a bhaineann le leathdhosaen acu agus a dhá oiread sin do leathdhosaen eile. Tá $5 milliún as an Breeders’ Cup Turf agus $7 milliún as an Breeders’ Cup Classic. Fad 1¼ míle (2000m) a bhíonn ansiúd agus 14 capall ar a mhéid san iomaíocht.[2]

Meascán den ghaineamh, den chréafóg agus den siolta (glár) a bhíonn i bhformhór thraiceanna na Státaí. Creidtear go ritheann na capaill níos sciobtha ar an ‘salachar’ ná a dhéanann siad ar an bhféar. Ar an ‘salachar’ bíonn mórán mór lánluas fúthu ó thús deireadh an rása.

Go dtí 2024, níor bhuaigh aon chapall a bhí á thraenáil in Éirinn an Breeders’ Cup Classic. Ach in 2017, bhí rása de chuid an Breeders Cup buaite ag Aidan O’Brien le Mendelssohn i Del Mar i gCalifornia.[3][4][5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Breeders’ Cup | November 1 & 2 2024" (en). breederscup.com. Dáta rochtana: 2024-09-15.
  2. 2.0 2.1 Mártan Ó Ciardha (15 Meán Fómhair 2024). "Aidan O’Brien ag súil go n-athróidh City of Troy scéal an Breeders’ Cup" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-15.
  3. "2017 at Del Mar" (en). breederscup.com. Dáta rochtana: 2024-09-15.
  4. Greg Wood (2017-11-04). "Aidan O'Brien extends record as Mendelssohn wins Breeders' Cup Juvenile Turf" (en-GB). the Guardian. Dáta rochtana: 2024-09-15.
  5. Mártan Ó Ciardha (2 Bealtaine 2021). "Baineann déine agus fiántas le rásaíocht capall Mheiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-15.