Vicipéid:Laethanta roghnaithe/2 Meitheamh
Cuma
Is é an 2 Meitheamh an 153ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 154ú lá i mbliain bhisigh. Tá 212 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Poblachta" san Iodáil agus "Lá na Saoirse" i Samó.
- 455 – Ghabh na Vandalaigh an Róimh agus thosaíodar ar chreach a mhair coicís
- 1567 – Cailleadh Seán Ó Néill, taoiseach Gaelach (r.1530)
- 1835 – Rugadh Pius X, pápa (b.1914)
- 1835 – Chuir P. T. Barnum agus a shorcas tús lena gcéad chamchuairt sna Stáit Aontaithe
- 1882 – Cailleadh Giuseppe Garibaldi, tirghráthóir agus saighdiúir (r.1807)
- 1920 – Rugadh Mícheál Ó hEithir, tráchtaire agus iriseoir spóirt (b.1996)
- 1966 – D'éirigh leis na Stáit Aontaithe spáslong a sheoladh chuig an Ghealach
- 1979 – D'fhill an Pápa ar an bPolainn, a thír dhúchais
- 1985 – Cuireadh cosc ar chlubanna sacair ón mBreatain imirt san Eoraip, tar éis tubaiste Heysel
- 2008 – Cailleadh Bo Diddley, ceoltóir (r. 1928)