Vicipéid:Laethanta roghnaithe/29 Iúil
Cuma
Is é an 29 Iúil an 210ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 211ú lá i mbliain bhisigh. Tá 155 lá fágtha sa bhliain.
- 1588 – Chonacthas 130 bád de chuid Armada na Spáinne amach ó chósta Shasana
- 1848 – Theip ar Éirí Amach na nÉireannach Óga
- 1856 – Cailleadh Robert Schumann, cumadóir Gearmánach (r.1810)
- 1883 – Rugadh Benito Mussolini, deachtóir Iodálach (b.1945)
- 1890 – Cailleadh Vincent van Gogh, péintéir Iar-Impriseanaíoch Ollannach (r.1853)
- 1942 – Rugadh Juan de Dios Ramírez Heredia, polaiteoir Spáinneach
- 1953 – Rugadh Frank McGuinness, drámadóir, file agus aistritheoir Éireannach
- 1981 – Rugadh Fernando Alonso, tiománaí Foirmle a hAon
- 1981 – Phós an Prionsa Séarlas agus Diana Spencer i Sasana. D'fhéach 750 milliún duine ar fud an domhan ar an searmanas
- 1982 – Rugadh Andy Reid, imreoir sacair as Baile Átha Cliath