Vicipéid:Laethanta roghnaithe/22 Meitheamh
Appearance
Is é an 22 Meitheamh an 173ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 174ú lá i mbliain bhisigh. Tá 192 lá fágtha sa bhliain.
- 1354 – D'éirigh muintir L'Alguer sa tSairdín amach i gcoinne na gCatalónach is chuir arm Pheadair III léig ar an gcathair
- 1896 – Rugadh Erich Maria Remarque, scríbhneoir (b.1970)
- 1921 – Osclaíodh Parlaimint Thuaisceart na hÉireann i mBéal Feirste
- 1941 – Rinne Hitler agus Arm na Gearmáine ionradh ar an Aontas Sóivéadach
- 1949 – Rugadh Meryl Streep, aisteoir
- 1964 – Rugadh Dan Brown, údar
- 1965 – Cailleadh Piaras Béaslaí, 84, scríbhneoir Gaeilge agus trodaí saoirse (r.1881)
- 1984 – Rugadh Rubén Iván Martínez, imreoir sacair
- 2003 – Cailleadh Vasil Bykaŭ, 79, scríbhneoir (r.1924)
- 2004 – Tugadh téarma príosún saoil do Marc Dutroux as cailíní óga a fhuadach, a éigniú agus a dhúnmharú