Vicipéid:Laethanta roghnaithe/21 Aibreán
Cuma
Is é an 21 Aibreán an 111ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 112ú lá i mbliain bhisigh. Tá 254 lá fágtha sa bhliain.
Inniu comóradh lá "Tiradentes" sa Bhrasaíl.
- 1509 – Cailleadh Anraí VII, rí Shasana (r.1457)
- 1816 – Rugadh Charlotte Brontë, scríbhneoir Sasanach (b.1855)
- 1867 – Rugadh José Vicente Concha, 14ú huachtarán na Colóime (b.1929)
- 1910 – Cailleadh Mark Twain, scríbhneoir Meiriceánach (r.1835)
- 1916 – Theip ar iarracht Óglaigh na hÉireann airm ón nGearmáin a landáil ón bhfomhuireán Aud ar Thrá na Beannaí, Contae Chiarraí
- 1926 – Rugadh Eilís II, banríon na Ríochta Aontaithe
- 1945 – Ghlac trúpaí na Rúise seilbh ar chathair Bheirlín
- 1947 – Rugadh Iggy Pop, ceoltóir Meiriceánach
- 1959 – Rugadh Robert Smith, ceoltóir
- 1970 – Rugadh Glen Hansard, ceoltóir agus aisteoir
- 1987 – Maraíodh 100 duine nuair a phléasc buama ar bhus i Srí Lanca. Cuireadh an milleán ar na Tíogair Thamaileacha
- 1992 – Cailleadh Väinö Linna, scríbhneoir Fionlannach (r.1920)
- 1994 – D'éirigh le hachomharc Paul Hill, duine den Guildford Four, maidir le dúnmharú i dTuaisceart Éireann