Jump to content

Uigiúraigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Grúpa DaonnaUigiúraigh
lang=
Cineálgrúpa eitneach
Daonra iomlán12,314,800 Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaUyghur (en) Aistrigh agus an tSínis
Creideamhan tIoslam Sunnaíoch
Ball depobal Tuirciceach
Tíreolaíocht
StáitDaon-Phoblacht na Síne, an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Úisbéiceastáin, an Rúis agus an Tuircméanastáin
Léarscáil dáileacháin
lang=
Uigiúraigh

Is grúpa eitneach Áiseach iad na Uigiúraigh.[1] Is í Uigiúiris a bpríomhtheanga inniu.

Tuairiscíodh go maith sna 2010idí/2020idí na sáruithe ar chearta an duine maidir leis an phobal Uigiúrach in Xinjiang, a tharraing cáineadh forleathan ón phobal idirnáisiúnta. I gcroílár na sáruithe seo, tá breis agus milliún Uigiúrach agus mionlaigh Mhoslamacha eile faoi choinneáil “i gcampaí athoiliúna”. Déanann na daoine atá á gcoinneáil obair éigeantais, agus tá na coinníollacha oibre sách crua.[2]

Tá bac ar chleachtadh an chreidimh Uigiúraigh. Scriosadh moscanna. Is minic a thugtar páistí Uigiúracha faoi chúram an stáit ionas go meascfaidh siad leis an chultúr Han Shíneach.

Tá an World Uyghur Congress (WUC) agus forais idirnáisiúnta eile ag cur brú ar rialtas na Síne deireadh a chur leis an leatrom agus ceart agus cóir a chur chun cinn.[2]

Féach freisin    

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Uyghurs
  2. 2.0 2.1 Conor Torbóid (2024-11-04). "Iarrann an WUC ar rialtas na Síne stad den ghéarleanúint ar Uigiúraigh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-11-09.