Uí Chonchúir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Uí Chonchúir Dhoinn)

Ar cheann desna rítheaghlaigh is cumhachtaí agus is mó le rá í clann Uí Chonchúir (Meán-Ghaeilge Ua Conchobhair). Conchúir mac Taidhg ba ea sinsear eapainmneach na clainne, trína mhac, Cathal.

Bhíodh ceannáras acu i dTeach Chluain Mhalais laistigh den Chaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh sinsir Uí Chonchúir, .i. Uí Bhriúin agus Síol Mhuireadhaigh, i gceannas sna Connachta - cé nach go leanúnach - idir na blianta 482 agus 956. Tháinig Uí Chonchúir féin chun cinn ó am go céile ón mbliain 967, go leanúnach ó 1102 go 1475. San iomlán, rinneadh díobh tuairim is céad rí Chonnacht,[1] tríocha Cinn na Fine agus beirt Ardríthe na hÉireann, Toirdhealbhach Ua Conchobhair (1088–1156) agus a mhac Ruaidrí Ua Conchobair (c. 1115–1198), an tArdrí deireanach Éireannach.

Le linn na 14ú haoise déanaí, bhí dhá phríomhchlann Uí Chonchúir ann, faoi cheannas Toirdhealbhaigh Rua agus Toirdhealbhaigh Óig (ar a glaodh fosta Toirdhealbhach Donn), seachtú nglúin ó Chathal Crobhdhearg an bheirt acu, sinsir na gclann Uí Chonchúir Rua (anois marbh) agus Uí Chonchúir Dhoinn.

Is é Desmond O'Conor (rugadh 22ú Meán Fómhair 1938) Ó Conchúir Dhoinn anois, ina chónaí i Rotherfield, East Sussex, Sasana.[2]


Ríthe Chonnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cinn na Fine[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Toirdhealbhach Óg Donn mac Aodha meic Toirdhealbhaigh, bás 9ú Nollaig 1406.
  • Cathal mac Ruaidhri Ó Conchobhair Donn, bás 19ú Márta 1439.
  • Aodh mac Toirdhealbhaigh Óig Ó Conchobhair Donn, bás 15ú Bealtaine 1461.
  • Feidhlimidh Geangcach mac Toirdhealbhaigh Óig Ó Conchobhair Donn, bás 1474 – rí deireanach na gConnacht lán-aitheanta.
  • Tadhg mac Eoghain Ó Conchobhair Donn, bás 1476.
  • Eoghan Caoch mac Feidhlimidh Gheangcaigh Ó Conchobhair Donn, d. 1485.
  • Aodh Og mac Aodh Ó Conchobhair Donn
  • Toirdhealbhach Óg mac Ruaidhri Ó Conchobhair Donn, bás 1503
  • Conchobhar mac Eoghain Chaoich Ó Conchobhair Donn
  • Cairbre mac Eoghain Chaoich Ó Conchobhair Donn, bás 1546
  • Aodh mac Eoghain Chaoich Ó Conchobhair Donn, curtha as 1550
  • Diarmaid mac Cairbre Ó Conchobhair Donn, bás 1585
  • Aedh Ó Conchobhair Donn, bás 1632
  • An Calbhach mac Aedh Ó Conchobhair Donn, bás 1654 – popularly inaugurated king in 1643.
  • Hugh Óg mac Aedh Ó Conchobhair Donn, bás 1662.
  • Andrew O'Connor Don, Cluain Mhalais
  • Dominick O'Connor Don, of Cluain Mhalais, bás 1795
  • Alexander O'Connor Don, bás 1820
  • Owen O'Connor Don, Cluain Mhalais agus Ballinagare, bás 1831
  • Denis O'Conor Don, Clonalis, 1794–1847
  • Charles Owen O'Conor Don, 1838–1906
  • Denis Charles O'Conor Don, 1869–1917
  • Owen Phelim O'Conor Don, 1870–1943
  • Fr. Charles O'Conor Don, 1906–1981
  • Denis O'Conor Don, 1912 – 10ú Iúil 2000
  • Desmond O'Conor Don (iar-banker, iarchathaoirleach British-Chile Chamber of Commerce, ina chónaí in Sussex), rugadh 1938


Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The O'Conors of Connaught: A Historical Memoir" (1891). Baile Átha Cliath: Hodges, Figgis, and Co.. 
  2. Curley, W. Vanishing Kingdoms. Baile Átha Cliath, Lilliput Press.