Tumadóireacht domhainfharraige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tumadóir

Is éard is tumadóireacht domhainfharraige ann ná dul síos go grinneall na farraige agus fanacht ann ar feadh tréimhsí réasúnta fada le haghaidh taiscéalta, tarrthála nó tógála.

Cheap Augustus Siebe (1788-1882) an chulaith aerdhíonach tumadóireachta i 1837. I gcultacha nua-aoiseacha tumadóireachta, bíonn clogaid snáithínghloine le fuinneoga radhairc, agus bróga ualaithe le haghaidh cobhsaíochta.

Análaíonn an tumadóir aer, nó meascán ocsaigine is héiliam, a chaidéalaítear síos dó ón mbád ar an dromchla. Le cultacha armúrtha tumadóireachta, is féidir le tumadóir a bheith ag obair ar a chompord chomh domhain le 700 m agus brú an aeir timpeall gnáthbhrú an atmaisféir.

De ghnáth oibríonn tumadóirí i bpéirí, gach duine ag faire ar a chompánach. Tá teileachumarsáid idir an bheirt faoin uisce agus leis na daoine sa bhád fíorthábhachtach. Baintear feidhm as clog tumadóireachta i gcomhair oibre fadtéarmaí faoin uisce, cosúil le cothabháil bhunstruchtúr ardán rige ola.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tumadóireacht domhainfharraige". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 682.