Fuinneoga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fuinneoga

Cineáltéarma ríomheolaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmFuinneog
Cuid decóras fuinneog

Foirm de chomhéadan grafach úsáideora, ina léiríonn an ríomhaire grúpa fo-scáileán ar an scáileán. Freagraíonn gach fo-scáileán do chlár éagsúil ar leith atá ag rith ar an ríomhaire. Is féidir na fo-scáileáin a bhogadh anonn is anall, a chur anuas ar a chéile, a laghdú go neamhbhuan chun baint den mhéid eolais ar an scáileán, agus ligean do na ríomhchláir go léir comhaid a sheachadadh eatarthu. Mar shampla, is féidir na torthaí ó scairbhileog a sheachadadh chuig córas foilsitheoireacht deisce le cur i dtuarascáil theicniúil. Windows a thugann comhlacht Microsoft mar thrádmharc ar a thimpeallacht iltasc oibriúcháin don ríomhaire pearsanta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuinneoga". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 296.