Comhéadan grafach úsáideora

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhéadan scáileáin le bogearraí oibriúcháin ríomhaire mar a mbíonn comhbhaill ghrafacha cosúil le dealbha a úsáidtear chun seasamh do chomhaid ríomhaire is ríomhchláir. Ní gá don úsáideoir ach cliceáil ar an dealbh chun an clár nó an comhad a ghníomhachtú. Is iad na comhbhaill ghrafacha a bhíonn ar fáil de ghnáth i gcomhéadan mar seo ná fuinneoga, dealbha, roghchláir is pointeoirí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhéadan grafach úsáideora". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 164.