Tuama seomrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Bealach isteach i dtuama seomrach i Vementry, i Sealtainn na hAlban

Séadchomhartha meigiliotach ón réamhstair san Eoraip agus áiteanna eile atá i dtuama seomrach agus é tógtha de ghnáth le carraigeacha díreacha (ortastait) is clocha dín, faoi mhullach ithreach, le huaimh choirbéalta os cionn an tseomra adhlactha. Tugtar dolmain air freisin. Thosaigh na tógálacha sa ré neoiliteach, ach rinneadh adhlacthaí iontu thar na glúinte. Tá samplaí mórthaibhseacha i Sí an Bhrú, agus Maes Howe ar Inse Orc na hAlban.