Maes Howe
Appearance
Maes Howe | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Suíomh seandálaíochta agus carn seomrach | |||
Cuid de | Croí Inse Orc Neoiliteach | |||
Tréith | ||||
Achar dromchla | 1 ha UNESCO World Heritage Site buffer zone (en) : 4.638 ha | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Inse Orc, Scotland | |||
| ||||
Cuid de Shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO | ||||
Am | 1999 (23ú Seisiún) | |||
Aitheantóir | 514bis-001 | |||
Séadchomhartha sceidealaithe | ||||
Am | 18 Lúnasa 1882 | |||
Tuama seomrach ón 3ú mílaois RC ar Thìr Mòr Arcaibh na hAlban is ea Maes Howe, agus cosúil ar shlí le Sí an Bhrú i gContae na Mí.
Faoi thulach 35 m ar thrastomhas, tá an bealach isteach, le ballaí cloch tirim, 7.3 m ar fhad.
Tá seomra adhlactha croischruthach le boghta coirbéalta os a chionn, agus os cionn leac an dorais sliotán a ligeann solas na Gréine isteach is an ghrian ag dul faoi ar lá ghrianstad an gheimhridh. Istigh ann tá 24 scríbhinn rúnach, graifítí a scríobh creachairí Uiginneacha sa 12ú céad AD.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Maes Howe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 429.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoi Albain é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |