Tripineasóimiáis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarTripineasóimiáis
Cineálgalar tógálach prótasónach seadánach agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisgalair thógálacha agus tréidliacht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
 Cógais
Pataigineas
CúisTrypanosoma Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10B57.2 agus B56 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9086.9 agus 086 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
MeSHD014352 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0041227 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:10113 Cuir in eagar ar Wikidata

Galair éagsúla de bharr ionfhabhtuithe le tripineasóim, prótasóin a ionfhabhtaíonn ainmhithe clóis is fiáine agus a fhaigheann isteach i ndaoine trí iompróirí feithide atá i gceist le Tripineasóimiáis (tugtar suanlagar na hAfraice air freisin). I gcás an ghalair Afracaigh, is í an tseitse an t-iompróir, agus tá sé coiteann ar fud na hilchríche. Is iad na siomptóim luatha ná fiabhras ard, tuirse, tinneas cinn, agus pianta sna hailt. De réir mar a théann an galar ar aghaidh, tarlaíonn ainéime agus cliseadh na nduán is an ae. Faoi dheireadh bíonn tuirse thar na bearta ann, agus titeann duine i gcóma roimh bhás a fháil. I gcás an ghalair Mheiriceánaigh, sceartáin súmaire fola a scaipeann é, agus tá sé an-choiteann i Meiriceá Láir is Theas. Tugtar galar Chagas air ansin, as an lia Brasaíleach Carlos Chagas (1879-1934) a chuir síos air den chéad uair. Cuireann an galar seo isteach go minic ar pháistí. Is iad na siomptóim ghéara ná fiabhras, gríos, at an liatháin is na nód limfeach. Is féidir go leanfaidh sí i bhfoirm ainsealach le heaspa rithime cairdiaiche is stéigeanna borrtha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tripineasóimiáis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 679.