Triallam timcheall na Fodla
Dán topagrafach na meánaoise is ea Triallam timcheall na Fodla (Triallaimís timpeall na hÉireann) le Seán Mór Ó Dubhagáin. Bandia agus seanainm fileata ar Éirinn is ea Fódhla.
Ábhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ann sa dán fiche rann le ceithre (ach uaireanta cúig nó sé) líne. Tá naoi gcéad líne is a sé déag ann go iomlán.
Déantar trácht ann ar dreamanna éagsúla, rítheaghlaigh agus tuatha na nGael, mar a bhí díreach roimh theacht na nAngla-Normannach. Tá céad líne dhá is caoga maidir le ríocht na Mí, trí chéad ceathar is caoga faoi ríocht na nUladh, trí chéad ocht is fiche ar na Connachta agus caoga sé faoi na Laighin.
Is dócha nár éirigh le hÓ Dubhagáin an dán a chríochnú roimh a bhás sa bhliain 1372. Tamall ina dhiaidh sin, chuir Giolla na Naomh Ó hUidhrín (bás 1420) leis an dán, lena a shaothar Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Críchad an Chaoilli
- Crichaireacht cinedach nduchasa Muintiri Murchada
- Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh
- Giolla na Naomh Ó hUidhrín
- Leabhar Ádhaimh Uí Chianáin
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Topographical Poems by Seaán Mór Ó Dubhagáin and Giolla-Na-Naomh Ó Huidhrín, eag. James Carney, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1943.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Topgraphical Poems, Seán Mór Ó Dubhagáin agus Giolla na Naomh Ó hUidhrín, eag. Seán Ó Donnabháin (archive.org)