Jump to content

Tolúéin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachTolúéin
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach92.063 Da
Fionnachtaí nó aireagóirPierre Joseph Pelletier
Tacsón ina n-aimsítear é
Róldevelopmental toxicant (en) Aistrigh
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachC₇H₈
SMILES canónta
Model 2D
CC1=CC=CC=C1
InChIModel 3D
Airí
Dlús0.87 g/cm³ (a 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Tuaslagthacht0.07 g/100 g (uisce, 23 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach0.375 D
Pointe leáite−95 °C
−93 °C
−94.99 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe111 °C (a 760 Torr)
110.63 °C (a 101.325 kPa) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach0.375 D
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe50,170 J/mol agus 12,180 J/mol
Combustion enthalpy (en) Aistrigh−3,910 kJ/mol
Galbhrú21 mmHg (a 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Guais
Teorainn inlasta íochtair1.1 vol%
Teorainn inlasta uachtarach7.1 vol%
Meánteorainn nochta ualaithe ama375 mg/m³ (10 h, luach ar iarraidh)
754 mg/m³ (8 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Short-term exposure limit (en) Aistrigh560 mg/m³ (luach ar iarraidh) Cuir in eagar ar Wikidata
Uasteorainn nochta1,885 mg/m³ (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
1,131 mg/m³ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Splancphointe40 °F Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte1,885 mg/m³
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response ()
Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (GHS07: comhartha uaillbhreasa, GHS08: guais sláinte, GHS02: flame (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
leacht inlasta Aicme IB

Is comhdhúil aramatach malartaithe é tolúéin,[1] ar a dtugtar meitilbeinséin[2] freisin i gcóras AIGCF.

Is leacht gan dath, dothuaslagtha in uisce é agus an boladh a bhaineann le caolaitheoirí péinte. Is díorthach beinséine monamhalartaithe é, comhdhéanta de ghrúpa meitile (CH3) atá ceangailte le grúpa feinile. Mar sin, is é meitilbeinséin a ainm córasach AIGCF.

Úsáidtear tolúéin go príomha mar bhunábhar tionsclaíoch agus mar thuaslagóir. Mar an tuaslagóir i roinnt caolaitheoirí péinte, marcóirí buan, gliú teagmhála, agus cineálacha áirithe gliúnna, úsáidtear tolúéin uaireanta mar ionanálach áineasa agus d'fhéadfadh sé dochar néareolaíoch tromchúiseach a dhéanamh.

D'aonraigh an ceimiceoir Polannach Filip Walter an chomhdhúil den chéad uair sa bhliain 1837, trí ola péine a dhriogadh agus ghlaoigh sé rétinnaphte[3] air. Sa bhliain 1841, d'aonraigh an poitigéir Francach Henri Étienne Sainte-Claire Deville hidreacarbón ó Bhalsam de Tolú nó Balsamum tolutanum (eastóscán aramatach as an gcrann trópaiceach Colómach Myroxylon balsamum); d'aithin Deville go raibh sé cosúil le rétinnaphte Walter agus le beinséin; mar sin ghlaoigh sé benzoène ar an hidreacarbóin nua.[4] Sa bhliain 1843, mhol Jöns Jacob Berzelius an t-ainm toluin.[5] Sa bhliain 1850, d'aonraigh an poitigéir Francach Auguste Cahours ó dhriogáit adhmaid hidreacarbón a d'aithin sé a bheith cosúil le benzoène Deville agus a d'ainmnigh Cahours toluène.[6]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): tolúéin” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-09-05.
  2. “meitilbeinséin” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-05.
  3. Féach
  4. Féach:
  5. Jacob Berzelius (1843) Jahres Berichte, 22 : 353-354. Curtha i gcartlann 2022-09-13 ar an Wayback Machine.
  6. Féach: