Peirsil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Peirsil

Is planda débhliantúil nó ilbhliantúil ón Seandomhan é an pheirsil (Petroselinum crispum) atá in ann fás 75 cm ar airde, ach níos lú de ghnáth. Na duilleoga triantánach lonrach, roinnte i dteascáin dhingchruthacha mhaothánacha, go minic catach i gcineálacha saothraithe. Na bláthanna buí, in umbail bharrleata suas le 5 cm ar leithead ar ghais fhada, na peitil eangach. An toradh ubhchruthach. Ní fíos cérb as di, ach fástar go forleathan í mar bhlaisiú.