Teimpléad:Alt roghnaithe/AnChéadCheannEile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríbhneoir Gaeilge, trodaí saoirse d'Éirinn agus saighdiúir ab ea Percy Frederick Beazley, nó Piaras Béaslaí. Rugadh i Learpholl é ar an 10ú Márta 1881, agus fuair sé bás ar an 22ú Meitheamh 1965 i mBaile Átha Cliath. Scríobh sé drámaí agus dánta, ach is é an saothar litríochta is tábhachtaí dár tháinig óna pheann ná an t-úrscéal fáthchiallach Astronár.

Éireannaigh ab ea a thuismitheoirí, Nannie Hickey (Áine Ní Ící) agus Patrick Langford Beazley. Ní raibh focal Gaeilge i bpluc ceachtar acu, ach mar sin féin, bhí suim acu i gcás na hÉireann. Fuair Piaras óg féith na scríbhneoireachta ó thaobh na dtaobhann freisin, nó scríobh Nannie a lán dánta agus scéalta tírghráthúla faoi Éirinn agus faoi laochra na hÉireann nuair a bhí sí óg, agus chaith Patrick Langford Beazley na blianta fada ina eagarthóir ar nuachtán na gCaitliceach i Learpholl.

Fuair Piaras óg an chéad bhunscolaíocht i Wallasey i Learpholl, ach ansin, cuireadh ag foghlaim é i gColáiste San Proinsias Xavier. Scoil Chaitliceach do chlann na meánaicme Éireannaí i Learpholl a bhí ann agus í á reáchtáil ag na hÍosánaigh. D'éirigh le Piaras go maith ar scoil, ó bhí sé tar éis tús a chuid Laidine, Fraincise agus Gréigise a fhoghlaim óna athair cheana féin, nuair a tháinig sé go dtí an coláiste. Fear mór léitheoireachta ab ea a athair, agus ba mhinic a léadh sé os ard scéalta as na leabhair do Phiaras agus dá dheartháireacha. Faoi thionchar na léitheoireachta seo, chuir Piaras óg suim san amharclannaíocht agus sa drámaíocht. Ina bhuachaill óg dó ...


[ Níos mó ]