Ted Bundy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ted Bundy
Ted Bundy headshot.jpg
Bundy sa bhliain 1978
Dáta breithe 24 Samhain, 1946
  Burlington, Vermont
Dáta báis 24 Eanáir, 1989
  Príosún Stáit Florida, Florida
Náisiúntacht Meiriceánach
Iomráiteach do Dúnmharuithe

Sraithmharfóir, fuadaitheoir, banéigneoir agus éigneoir corpán a bhí in Theodore Robert Bundy (a tháinig chun saoil faoin ainm Theodore Robert Cowell). Mharaigh sé na sluaite de mhná óga sna seachtóidí, agus tá sé incheaptha go raibh sé ag rith damhsa roimhe sin féin.

Saolaíodh Bundy ar an 24 Samhain 1946 i mBurlington (stát Vermont). Cuireadh chun báis é i bPríosún Stáit Florida ar an 24 Eanáir 1989.

Rugadh air sa bhliain 1975, ach

Coireanna[athraigh | athraigh vicithéacs]

Gabhadh Bundy don chéad uair i Stát Utah sa bhliain 1975, agus is iad na coireanna a bhí i gceist ansin ná iarracht ionsaí agus fuadach.

1965

Nuair a bhí an dlí le cur ar Bundy as dúnmharú i gColorado, bhí sé in ann éalú ó lámh an dlí faoi dhó, D'éirigh leis éalú don chéad uair ar an 7 Meitheamh 1977. Gabhadh é sé lá níos déanaí.

D'éirigh leis éalú arís ar an 30 Nollaig 1977. Bhí Bundy in ann tuilleadh coireanna a dhéanamh, ina measc trí dhúnmharú, ar a laghad. Gabhadh é arís ar an 15 Feabhra 1978.

Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig an tuiscint ag na póilíní gurbh fhéidir gurbh eisean a bheadh freagrach as na dúnmharuithe neamhfhiosraithe a bhí déanta i Stáit éagsúla le déanaí.

FBI - Ten Most Wanted Fugitives list, 1978.

Sa bhliain 1978, bhí údaráis Florida in ann é a cheapadh sa deireadh. Daoradh chun báis faoi thrí é, ó bhí trí dhúnmharú déanta aige i bhFlorida.

Pearsantacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Na blianta a chaith sé i dtóin phríosúin ag fanacht le lá a bhásaithe, ní raibh sé sásta a chuid coireanna a admháil. Go gairid roimh a bhás, d'admhaigh sé tríocha dúnmharú a bhí déanta aige i seacht Stát éagsúla sna blianta ó 1974 go 1978, ach dealraíonn sé go ndearna sé a lán dúnmharuithe eile fós.

Fear cuidsúlach ab ea Bundy, fear a raibh carasma agus teacht i láthair ann, agus é in ann na mná óga a chur faoi dhraíocht go furasta. Ba nós leis dul ag lorg cabhrach uathu, ag tabhairt le fios go raibh sé gortaithe ar dhóigh éigin. D'fhéadfadh sé cuma an údaráis a chur air féin freisin. Thaobhaíodh sé na mná go poiblí, ach nuair a bhíodh sé i gcuideachta na mná in áit fhoscúil, d'ionsaíodh sé í.

1980

Ba nós leis corpáin na gcailíní marbha a chur i leataobh agus gníomhartha gnéis a chur i gcrích leo, go dtí go mbeidís chomh lofa is nach bhféadfadh sé féin sult a bhaint astu a thuilleadh. Dhícheann sé dáréag acu ar a laghad, agus choinnigh sé na cloigne mar chuimhneacháin sa bhaile aige féin. Uaireanta, d'fhéadfadh sé briseadh isteach in am marbh na hoíche ag an gcailín a bhí roghnaithe aige agus í a mharú le buaillí smachtín ina codladh di.

Bású[athraigh | athraigh vicithéacs]

Básaíodh Ted Bundy i gcathaoir leictreach i bPríosún Raiford i Starke (stát Florida) in Eanáir na bliana 1989. Is é an cur síos a thug a bheathaisnéisí Ann Rule air ná nach raibh ann ach "sochapatach sádach a bhaineadh sult as pian an duine eile agus as an smacht a bhí aige air go nóiméad a bháis agus ina dhiaidh sin féin". Maidir leis an aturnae Polly Nelson, a bhí ag cosaint Bundy nuair a bhí sé os comhair an dlí an uair dheireanach, is é an breithiúnas a thug sise air ná gurbh é "Ted" "sainmhiniú an oilc gan trua gan trócaire".

1968 VW Beetle ag Ted Bundy. anois sa National Museum of Crime & Punishment in Washington, DC

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]