Taras Shevchenko
Taras Shevchenko | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | Тарас Григорьев сын Шевченко |
Eolas breithe | Moryntsi (en) ![]() |
Náisiúntacht | Impireacht na Rúise |
Grúpa eitneach | Úcránaigh |
Teanga dhúchais | Q12145819 ![]() |
Bás | Cathair Pheadair, 26 Feabhra 1861 (in Julian calendar), 10 Bealtaine 1861 |
Áit adhlactha | Taras Hill (en) ![]() Smolenskoye Orthodox Cemetery (en) ![]() |
Cúis bháis | bás nádúrtha (ascites (en) ![]() |
Muintir | |
Athair | Hryhoriy Ivanovych Shevchenko |
Máthair | Kateryna Y. Boiko |
Céile/Céilí | luach ar iarraidh |
Siblíní | liosta iomláin
|
Oideachas | |
Alma mater | Acadamh Impiriúil na nEalaíon (1838 - 1844) |
Teangacha | An Rúisis Church Slavonic (en) ![]() An Úcráinis Q12145819 ![]() |
Múinteoirí | Jan Rustem (en) ![]() |
Gairm | |
Gairm | péintéir, file, antraipeolaí, ealaíontóir, scríbhneoir, drámadóir agus eitneagrafaí |
Fostóirí | Imperial University of St. Vladimir (en) ![]() |
Saothar iomráiteach | Kobzar (en) ![]() |
Gluaiseacht | Rómánsachas |
Sloinnte | Т. Ш., К. Дармограй agus Кобзарь Дармограй |
Céim | saighdiúir singil |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | Ceartchreidmheachas |
IMDb | nm0786227 |
Discogs ID | 936204 |
![]() |
Ba fhile Úcránach, scríbhneoir, ealaíontóir, pearsa phoiblí agus pholaitiúil, béaloideasaí agus eitneagrafaí [1] [2] é Taras Hryhorovych Shevchenko, ar a dtugtar freisin Kobzar Taras, nó go simplí Kobzar (bard i gcultúr na hÚcráine is ea kobzar (Úcráinis:кобзар) ) Breathnaítear ar a oidhreacht liteartha mar bhunchloch na nua- litríochta Úcráinise agus, den chuid is mó, na nua-Úcráinise, cé go bhfuil sí difriúil ó theanga a chuid dánta. Ba í caint na ndaoine a chleachtadh sé ina chuid scríbhinní, seachas teanga ”shaorga” liteartha.[3] Tá cáil ar Shevchenko freisin as an iliomad sárshaothar a rinne sé mar phéintéir agus mar maisitheoir. [2]
Ba chomhalta é den Acadamh Impiriúil Ealaíon. (Rúisis: Российская Академия художеств) Cé nach raibh sé riamh ina bhall de Bhráithreachas na Naomh Cyril agus Methodius, (Úcráinis: Кирило-Мефодіївське братство, (Rúisis: Кирилло-Мефодиевское братство), sa bhliain 1847 ciontaíodh Shevchenko go polaitiúil as neamhspleáchas na hÚcráine a chur chun cinn go follasach, ag scríobh dánta i dteanga na hÚcráine, agus as magadh a dhéanamh ar bhaill Theach Impiriúil na Rúise. Murab ionann agus baill an chumainn nár thuig go raibh smaoineamh ar an Úcráin neamhspleách mar thoradh ar a ngníomhaíocht, de réir na bpóilíní rúnda, ba é curadh an neamhspleáchais é. [4][5]
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Taras Shevchenko ar 9 Márta i sráidbhaile Moryntsi, contae Zvenyhorodka, Gobharnóireacht Chív, Impireacht na Rúise ( sa lá atá inniu ann Zvenyhorodka Raion, an Úcráin ). Ba é an tríú leanbh tar éis a dheirfiúr Kateryna [6] agus a dheartháir Mykyta, [6] de theaghlach tuathánach seirfeach Hryhoriy Ivanovych Shevchenko (1782?–1825) agus Kateryna Yakymivna Shevchenko (Boiko) (1782? - 6 Lúnasa 1823), iad araon faoi úinéireacht an tiarna talún Vasily Engelhardt . De réir finscéalta an teaghlaigh, ba Cosacaigh iad sinsir Taras a d'fhóin san Óstach Zaporizhzhia agus a ghlac páirt in éirí amach na gCosacach an 17ú agus an 18ú haois. Cuireadh iad siúd a ghlac páirt sna héirí amach faoi chois go brúidiúil i Cherkasy, Poltava, Cív, agus Chernihiv, eachtra a chur isteach ar an ngnáthshaol sóisialta ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin. Rinneadh sclábhaithe den chuid is mó den daonra áitiúil ansin agus fágadh iad i ngreim ag an mbochtaineacht.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Encyclopædia Britannica. [nasc briste go buan]
- ↑ 2.0 2.1 M. Antokhii, D. Darewych, M. R. Stech, D. H. Struk (2004). "Taras Hryhorovych Shevchenko". Encyclopedia of Ukraine. Archived from the original on 2018-01-08. Retrieved 2017-03-09.CS1 maint: multiple names: authors list (link)
- ↑ Panu Höglund "An Úcráin, inné agus inniu." Meon Eile.[1]
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (ru).
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
- ↑ 6.0 6.1 Shevchenko Dictionary in two volumes Curtha i gcartlann 2013-11-10 ar an Wayback Machine. Shevchenko Institute of Literature (Academy of Sciences of the Ukrainian SSR). Kyiv: Main Edition of the Ukrainian Soviet Encyclopedia, 1976-1978.