Taoidí mar fhoinse fuinnimh

Is féidir ardú is titim thréimhsiúil na n-uiscí sa bhfarraige a úsáid ar bhonn inathnuaite chun fuinneamh a sholáthar.
Is tuirbíní iad seo a fheidhmíonn pé treo a ritheann an t-uisce tríothu. Ní foinse cumhachta leanúnaí an córas seo, ach is inathnuaite í. Níl aon drochthionchar aici ar an gcomhshaol.
Mar shampla, i mBá Fundy in Albain Nua, agus inbhear an Loire sa Fhrainc, ardaíonn an taoide níos mó ná 20 m dhá uair sa lá. Tógadh damba nó baráiste trasna an inbhir. Insealbhaíodh tuirbíní i gcainéil sna baráistí chun leictreachas a ghiniúint ó shíor-rith na farraige isteach is amach trí na cainéil.
Ar an 26 Samhain 1966, d'oscail an gléasra chumhacht na taoide[1], i Rance, sa Bhriotáin, an chéad gléasra riamh. Inniu fós tá cumas ar lánacmhainn táirgthe aige timpeall 240 MW. Ba é an ceann is mó ar domhan, go dtí 2011, nuair a thóg gléasra chumhacht i Loch Sihwa sa Chóiré.
Straitéis ar bith in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá cumas suntasach d’acmhainní fuinnimh inathnuaite in Éirinn maidir le taoidí, muir agus bithfhuinneamh[2]. Sonraítear na bearta lena gcomhlíonfaidh Éire a gealltanas Kyoto 2008-2012 sa Straitéis Náisiúnta um Athrú Aeráide 2007-2012. Luaitear ansin ‘gurb í "an tslí is éifeachtúla chun laghdú ar an méid a chuireann Éire le hastuithe gáis cheaptha teasa as los cumhacht a ghiniúint ná leictreachas a ghiniúint as foinsí inathnuaite."
Níl an teicneolaíocht ach á triail go fóill in Éirinn. Agus sa bhliain 2017, bhí an díchoimisiúnú curtha i gcrích ag na húdaráis i Loch Cuan[3] agus An Spidéal[4].
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
De réir dealraimh, bhí pleananna ag rialtas na Breataine gléasra chumhacht na taoide a insealbhú i gCuan na Gaillimhe roimh Chogadh na Saoirse.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ ""gléasra chumhacht na taoide"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-11-26.
- ↑ louthcoco.ie/. "Fuinneamh".
- ↑ "Strangford tidal energy turbine to be removed" (en-GB). BBC News (2016-01-27). Dáta rochtana: 2020-11-26.
- ↑ MacDara Conroy. "Marine Notice: Spiddal Wave Energy Test Site Decommissioning Works" (en-gb). afloat.ie. Dáta rochtana: 2020-11-26.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |